TG4 | An Ríl Deal | Irish Television Channel, Súil Eile Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

An Ríl Deal


 

 
Beidh an Ríl Deal, an cuardach do na damhsóirí Gaelacha is fearr sa tír, ar ais ar ár scáileáin an Fómhar seo ar TG4.

Táimid an-sásta ardán a chur ar fáil do na damhsóirí Gaelacha is fearr sa tír lena gcuid tallainne a chur os comhair na tíre.

Mar sin, má bhí tú ag déanamh dianthraenáil agus tú ag cur píosaí damhsa le chéile le cúpla mí anuas, tá deis anois agat sin a chur ar an stáitse mór.

Beidh fáilte roimh chuile chineál damhsóra Gaelaigh, idir steip agus dhamhsa na scuaibe, dhamhsóirí sean-nóis agus dhamhsóirí seit, cuir isteach ar an gcomórtas. Is cuma faoi aois ach oiread agus tá míle fáilte roimh óg agus aosta a gcuid steipeanna a thaispeáint dúinn. Is féidir le damhsóirí aonair, beirteanna agus le grúpaí cur isteach ar an gcomórtas.

Ag coinneáil súil ghéar ar na hiomaitheoirí beidh triúr moltóirí a bhfuil fios a ngnó acu maidir le damhsa – Breandán de Gallaí, Úna Ní Fhlatharta agus Roy Galvin. Is í Síomha Ní Ruairc a chuirfidh an clár i láthair.
Comórtas damhsa do gach uile dhuine é seo a dhéanfaidh ceiliúradh ar thraidisiúin uile an damhsa Ghaelaigh.

Beidh an scannánú ar siúl in RTÉ, i mBaile Átha Cliath níos deireanaí sa bhliain.

Ní mór go d’iarratasóirí a bheith ar fáil do scannánú lá AMHÁIN ar a laghad. Sa chás go n-éiríonn le hiarratasóir an babhta ceannais a bhaint amach, bheadh orthu a bheith ar fáil don DARA lá scannánaithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil glaoigh ar 01-284 3877 nó ar 083 132 6559, nó seol ríomhphost chuig
rildeal@adareproductions.ie