An Balla | Faisnéis | Ballaí & Teorainneacha Aitheanta an Domhain | TG4 Skip to main content
Menu

An Balla

Céad
9.30pm
Aoine
11.30pm
     

Tabharfaidh Síle cuairt ar cheann de na teorainneacha is dainséaraí ann – idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas
Dé Céadaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: PG

Leanfaidh Síle Nic Chonaonaigh dá turas ina dtugann sí cuairt ar chuid de na ballaí is aitheanta ar fud an domhain. Is i mBeirlín a bheidh sí sa chlár seo. Bhí titim Bhalla Bheirlín ar cheann de na hócáidí ba mhó sa 20ú haois. 30 bliain ina dhiaidh, casfaidh Síle le Gearmánaigh ar an dá thaobh a bhfuil cónaí orthu faoina scáth. Déanfar cur síos di ar an Stasi a raibh smacht aige ar gach gné den saol in Oirthear Bheirlín agus cloisfidh sí scéalta faoi dhaoine cróga a chuir iad féin i mbaol chun éalú ón gcóras Cumanach a bhí i bhfeidhm.

Chéad Taispeántas: 16 Ean

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

An Balla

Sraith den chéad scoth ina bhfiosróidh Síle Nic Chonaonaigh ceithre cinn de na ballaí agus teorainneacha is aitheanta ar fud an domhain. Teorainneacha iad a mhúnlaigh stair na gceantar ina bhfuil siad, ballaí a bhfuil scéalta dóchais agus athmhuintearais ag baint leo, fiú in am na hanacra.
 


 
Clár 3: Korea – Dé Céadaoin @ 9.30pm
Sa chlár cumhachtach seo, tabharfaidh sí cuairt ar cheann de na teorainneacha is dainséaraí ann – idir an Chóiré Thuaidh agus an Chóiré Theas. Chomh maith le dul chomh fada leis an teorainn, tabharfaidh sí cuairt freisin ar an bpríomhchathair – Seoul- agus labhróidh le muintir na Cóiré ón dá thaobh. Inseofar scéalta goilliúnacha na dteaghlach a scaradh óna chéile sa chogadh agus scéalta na ndaoine a rinne gach a d’fhéad siad chun éalú ón saol sa Chóiré Thuaidh di.
 

 

Físeáin ar Fáil