An Shandon | Óstán | Faisnéis Ar an Láthair | Dún na nGall | Slí an Atlantaigh Fhiáin | TG4 Skip to main content
Menu

An Shandon

Déar
8.00pm
Máir
5.30pm
     

Sraith faisnéise ar an láthair í seo
a léireoidh an méid a bhíonn ar bun
sa chúlra in Óstán An Shandon
Déardaoin @ 8.00pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith faisnéise ar an láthair í seo a léireoidh an méid a bhíonn ar bun sa chúlra in óstán an Shandon, áit a mbíonn an méid céanna spraoi ag an fhoireann agus a bhíonn ag na haíonna! I gclár a haon, cuirfimid aithne ar Claudine, deirfiúr an úinéara nua Warren. Féachann an bheirt le cóisir faoi rún a eagrú dá máthair Breda, a bheidh 70 bliain d'aois, agus arb as an cheantar í ó dhúchas. Tagann an bronntanas breithlae is mó agus is fearr dá raibh aici riamh aniar aduaidh ar Breda ach an éireoidh leis an teaghlach agus le foireann an óstáin an rún mór a choinneáil faoi cheilt?

Chéad Taispeántas: 18 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

An Shandon

Sraith faisnéise ar an láthair í seo a léireoidh an méid a bhíonn ar bun sa chúlra in óstán an Shandon, áit a mbíonn an méid céanna spraoi ag an fhoireann agus a bhíonn ag na haíonna! Taispeánfar sa tsraith cheithre chlár seo an méid a bhíonn ar siúl i gcúlphasáistí an óstáin mór le rá seo.
 

Clár 2 – Déardaoin @ 8.00pm
Tá stádas ceithre réalta ag An Shandon agus tá úinéirí agus foireann an óstáin fíorbhródúil as an dea-cháil atá air. Caithfear an clú sin a choinneáil agus a chosaint, rud a thuigeann an bainisteoir ginearálta Carolynne go rímhaith. Tugann Fáilte Ireland faoina chigireacht is deireanaí i gclár a dó, agus déantar scrúdú grinn ar an áit. Tá obair athchóirithe fós ar bun chun an t-óstán a uasghrádú, ar cuid lárnach é den phlean uaillmhianach, ach an éireoidh leis an óstán an stádas ceithre réalta a choinneáil?
 

 

Físeáin ar Fáil