Skip to main content
Menu

Ar Shlí na Fírinne

Dom
8.00pm
Lua
12:30pm
     

Nósmhaireachtaí adhlactha agus reilige na hÉireann.

Fógraíocht

Ar Shlí na Fírinne 1-1

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith nua, 6 chlár faoin reilig agus an ról atá aici i saol agus i gcultúr na hÉireann. Is cuid den saol an bás agus cé go bhfuil athrú beag ag tarlú sa tír le scór bliain anuas, is gnách gur sa reilig fós a chuirtear an duine in Éirinn tar éis bháis dó. Sa tsraith seo tugann an t-údar aitheanta Séamas Mac Annaidh faoin tábhacht atá leis an reilig i gcultúr na hÉireann a fhiosrú le cabhair ó shaineolaithe béaloideasa, staire agus cultúir. Tabharfaidh Séamas cuairt sa chéad chlár ar Bhéal Feirste agus fiosróidh na scéalta ceilte a bhaineann le stair chasta na cathrach.

Chéad Taispeántas: 17 Aib

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith 6 chlár faoin reilig agus a ról lárnach i saol agus i gcultúr na hÉireann. Is cuid den saol an bás agus cé go bhfuil athrú beag ag tarlú sa tír le scór bliain anuas, is gnách gur i reilig a chuirtear corp an Éireannaigh tar éis a bháis. Fágann sin gur iomaí tagairt inár litríocht don reilig – anuas go Cré na Cille féin, an saothar iontach le Máirtín Ó Cadhain atá lonnaithe go huile is go hiomlán i reilig. Sa tsraith seo tugann an t-údar aitheanta Séamas Mac Annaidh faoi chuid de scéal na reilige i gcultúr na hÉireann a ríomh le cabhair saineolaithe béaloideasa, staire agus cultúrtha. Tugann sé camchuairt na tíre go bhfiosróidh sé na difríochtaí atá idir na réigiúin maidir leis an mbás agus nósmhaireachtaí adhlactha agus reilige. Fuair an togra seo maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Léiriú le Imagine Media

Físeáin ar Fáil