Bailte | Bailte Fearainn | Sraith Faisnéis | Síle Nic Chonaonaigh | TG4 Skip to main content
Menu

Bailte

Céad
8.30pm
Sath
6.25pm
     

Cill Rialaigh

Go baile fearainn Chill Rialaigh i nDeisceart
Chiarraí in aice le Baile an Sceilg a thabharfaidh
Síle a haghaidh an tseachtain seo.

Dé Sathairn @ 6.25pm

Fógraíocht

Cill Rialaigh - Uíbh Ráthach 1-10

Rátáil Tuismitheora: G

Go baile fearainn Chill Rialaigh i nDeisceart Chiarraí in aice le Baile an Sceilg a thabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh a haghaidh an tseachtain seo. Buailfidh Síle le daoine mar an t-amhránaí Tim Dennehy agus an file Paddy Bushe ar de bhunadh na háite stairiúla seo iad, baile a bhí ann roimh aimsir an Ghorta. Buailfidh sí freisin leis an teaghlach deireanach atá ina gcónaí ann gus leis an ealaíontóir Linda Graham a thagann ann go rialta, mar aon le healaíontóirí eile, chuig Ionad Ealaíon Chill Rialaigh.

Chéad Taispeántas: 20 Mar

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Bailte

Tá breis is seasca míle baile fearainn in Éirinn agus is é an baile an t-aonad riaracháin is lú agus is buaine againn.

Is sa bhaile fearainn is mó is léir mórtas áite – an pobal beag de shíor ag sárú agus ag cocaíocht leis an mbaile béal dorais. Sa tsraith trí chlár déag díreofar ar bhaile fearainn amháin i ngach clár. Caithfidh Síle Nic Chonaonaigh seal i measc mhuintir an bhaile fearainn agus cuirfidh eolas agus aithne ar phearsana agus ar thréithe gach bail ar leith.

Tabharfaidh Síle faoi aistear fuinniúil ó cheann ceann na tíre chun ár gcuid bailte fearainn a cheiliúradh agus léargas a fháil ar na pobail a mhaireann iontu, an cultúr as ar fáisceadh iad, na slite beatha a chothaíonn iad, agus an tírdhreach a mhúnlaíonn iad.


Clár 10: Cill Rialaigh– Dé Sathairn @ 6.25pm
Go baile fearainn Chill Rialaigh i nDeisceart Chiarraí in aice le Baile an Sceilg a thabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh a haghaidh an tseachtain seo. Buailfidh Síle le daoine mar an t-amhránaí Tim Dennehy agus an file Paddy Bushe ar de bhunadh na háite stairiúla seo iad, baile a bhí ann roimh aimsir an Ghorta. Buailfidh sí freisin leis an teaghlach deireanach atá ina gcónaí ann gus leis an ealaíontóir Linda Graham a thagann ann go rialta, mar aon le healaíontóirí eile, chuig Ionad Ealaíon Chill Rialaigh.
 

Clár 11: An Ghleann– Dé Céadaoin @ 8.30pm
Ar an nGleann, baile fearainn ar Chléire i gCo. Chorcaí, a thabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh a haghaidh an tseachtain seo. Is baile é seo a bhfuil stair mhór ag baint leis i dtaobh cumarsáid dhomhanda de. Tabharfaidh Síle cuairt ar an stáisiún teileagraif agus ar an teach solais a bhí ríthábhachtach don bhaile, don oileán agus don tír uile. Tá siúlóidí breátha ar an oileán le radhairc bhreátha ar an Atlantach agus ar theach solais na Carraige Aonair. Taispeánfar freisin an damáiste a rinne Stoirm Ophelia ar an oileán agus an tionchar a bhí aige ar chúrsaí turasóireachta.
 

Físeáin ar Fáil