Ceol ón Chlann | Clann Ceolmhar | Ceol Traidisiúnta na hÉireann | TG4 Skip to main content
Menu

Ceol ón Chlann

Domh
10.30pm
     

The Henry Girls

Tógadh na deirfiúracha McLoughlin nó ‘The Henry Girls’
mar is fearr aithne orthu i Málainn i dTír Chonaill

Dé Domhnaigh @ 10.30pm

Fógraíocht

Muintir Gavin 3-2

Rátáil Tuismitheora: G

Clár faisnéise a thugann léargas ar oidhreacht theaghlaigh ceoil na hÉireann. Déantar cur síos sa chlár seo ar mhuintir Gavin as Cor an Dola, Gaillimh. D'fhás Frankie, Seán agus Noreen suas leis an gceol. Bhí teach tábhairne ag a n-athair, áit a mbíodh siad ag éisteacht le ceoltóirí mór le rá. Sheinneadar d'Uachtarán Mheiriceá, J.F. Kennedy, i 1963 nuair a tháinig sé go Gaillimh agus tá cáil an domhain mhóir ar Frankie mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an ngrúpa De Danann a bhunú.

Chéad Taispeántas: 20 Ean

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Ceol ón Chlann – Sraith 3

Sraith a thugann léargas ar chlanna ceolmhara.
 


 

Clár 1: Clann Mhic RuairíFéach Siar ar an Seinnteoir
I Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill a tógadh Clann mhic Ruairí áit ar tháinig ceol agus scéalta a muintire anuas leis na glúnta. Thuig siad agus iad ag éirí aníos go raibh tábhacht ar leith leis an gcultúr a bhí ina measc agus bhunaigh siad an grúpa Clann Mhic Ruairí. Creideann siad go láidir i gcaomhnú agus i gcur chun cinn thraidisiún amhránaíochta Rann na Feirste agus an tábhacht a bhaineann leis an traidisiún seo a thabhairt ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile.
 

Clár 2: Muintir GavinFéach Siar ar an Seinnteoir
Déantar cur síos sa chlár seo ar mhuintir Gavin as Cor an Dola, Gaillimh. D’fhás Frankie, Seán agus Noreen suas leis an gceol. Bhí teach tábhairne ag a n-athair, áit a mbíodh siad ag éisteacht le ceoltóirí mór le rá. Sheinneadar d’Uachtarán Mheiriceá, J.F. Kennedy, i 1963 nuair a tháinig sé go Gaillimh agus tá cáil an domhain mhóir ar Frankie mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an ngrúpa De Danann a bhunú.
 

Clár 3: The Henry Girls – Dé Domhnaigh @ 10.30pm
Tógadh na deirfiúracha McLoughlin nó ‘The Henry Girls’ mar is fearr aithne orthu i Málainn i dTír Chonaill. Is iad a dtuismitheoirí a chur in aithne an cheoil iad le tionchar ó bannaí ar nós ‘The Bothy Band’ agus Na Beatles. Bhí a máthair i gceannas ar an gcóir áitiúil agus bhí an-suim ag a n-athair i gceoil traidisiúnta agus sa gceol tíre agus ba mhinic seisiún ceoil sa teach acu dá bharr. Tá na deirfiúracha i mbun an cheoil go proifisiúnta ó 2010 ag casadh ceol tíre agus ceol ar an tseanstíl.
 

 

Físeáin ar Fáil