Cleas Act | TG4 | Siamsaíocht | Ceol | Scoil | Daltaí | Seo Linn Skip to main content
Menu

Cleas Act

Domh
9.00pm
Céad
7.30pm
     

Cuirfear na páistí is barrúla, is caintí agus is cumasaí sa tír
in bhur láthair gach Domhnach.
Dé Domhnaigh @ 9.00pm

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Buailfidh na láithreoirí Eibhlín Ní Chonghaile agus Stiofán Ó Fearail le daltaí Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc i gCeatharlach. Ní bheadh a fhios agat beo céard a déarfadh na páistí seo agus iad ag caint faoi na nithe is maith leo agus na nithe nach maith. Féachfaidh an scoil lena leagan féin den amhrán 'Scared to be Lonely' ó Martin Garrix agus Dua Lipa a dhéanamh le cabhair ón mbanna ceoil mór le rá, agus banna tí 'Cleas Act', Seo Linn. Derek Ryan a bheidh ina aoi speisialta ar an gclár.

Chéad Taispeántas: 16 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Ar shraith nua siamsaíochta TG4 cuirfear na páistí is barrúla, is caintí agus is cumasaí sa tír in bhur láthair gach Domhnach as seo go ceann 12 seachtain. Buailfidh na láithreoirí Eibhlín Ní Chonghaile agus Stiofán Ó Fearail ó Seo Linn le daltaí scoile as scoileanna éagsúla timpeall na tíre agus labhróidh siad faoi nithe atá ar bun acusan sa saol chomh maith le hamhrán a chasadh i nGaeilge in éineacht le banna ceoil an tí, Seo Linn.
 

I gClár 10:
Buailfidh na láithreoirí Eibhlín Ní Chonghaile agus Stiofán Ó Fearail le daltaí Ghaelscoil Philib Barún i dTrá Mhór. Ní bheadh a fhios agat beo céard a déarfadh na páistí seo agus iad ag caint faoi na nithe is maith leo agus na nithe nach maith. Féachfaidh an scoil lena leagan féin den amhrán ‘Havana’ ó Camila Cabello a dhéanamh le cabhair ón mbanna ceoil mór le rá, agus banna tí ‘Cleas Act’, Seo Linn. Stephen O’Keeffe a bheidh ina aoi speisialta ar an gclár.
 

Físeáin ar Fáil