De Valera i Meiriceá | Faisnéis | Éamon De Valera | TG4 Skip to main content
Menu

De Valera i Meiriceá

Céad
21:30
Aoine
19:30
     

Scéal turas achrannach a thug Éamon de Valera ar Mheiriceá i 1919
Athchraoladh Dé hAoine @ 19:30

Fógraíocht

De Valera i Meiriceá 1-1

Rátáil Tuismitheora: G

Cuid a haon den tsraith nua faoi thuras Éamon de Valera go Meiriceá i 1919 nuair a bhí Éire fós faoi Impireacht na Breataine. Gan Nua-Eabhrac ach bainte amach aige d'fhógair De Valera san óstán is rachmasaí ar domhan gurbh é an chéad Uachtarán ar Éirinn é. Ba ionann le réalta é i measc na nGael-Mheiriceánach ach níorbh fhada gur éirigh idir De Valera agus ceannairí na nGael i Meiriceá. Is baolach nár chuir an t-achrann a mhisean ar fad go Meiriceá de dhroim seoil agus Poblacht óg na hÉireann a bheadh siar leis.

Chéad Taispeántas: 11 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

De Valera i Meiriceá

Sraith faisnéise dhá chlár ina ndéantar cur síos den chéad uair ar an turas achrannach a thug Éamon de Valera ar Mheiriceá i 1919. Tharraing an turas céanna achrann agus deighilt i measc Gael-Mheiriceánach cúpla mí sular tharla scoilt sa mbaile in Éirinn faoin gConradh Angla-Éireannach. Déanfar cur síos ar mar a d’éalaigh Éamon de Valera ar bhád go Meiriceá i 1919 agus gur fhógair sé i bhforhalla an óstáin ba rachmasaí ar domhan gurb é “An Chéad Uachtarán ar Éirinn” é.
Ba í fírinne an scéil go rabhthas sa tóir ar de Valera agus go raibh Éire fós ina cuid d’Impireacht na Breataine. Ghlac na Gael-Mheiriceánaigh leis gan aon agó ach níorbh fhada go ndeachaigh cúrsaí in aimhréidh. Baisteadh tine ó thaobh na polaitíochta a bhí ann do de Valera a bhí nua ag an bpolaitíocht – ach sheas an méid a d’fhoghlaim sé dó agus d’imir tionchar mór air mar pholaiteoir ina dhiaidh sin – tionchar a d’imir seisean arís ar ais ar Éire na linne go ceann leathchéad bliain.
 

Físeáin ar Fáil