Skip to main content
Menu

Dúiche

     

Síle Nic Chonaonaigh ag taisteal na tíre le scéalta a
thugann léargas ar an saol sa bpobal tuaithe.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

I Neidín i gContae Chiarraí a bheidh Síle Nic Chonaonaigh an tseachtain seo. Roinnfidh an file mór le rá Gabriel Fitzmaurice scéalta agus nósanna an phobail a bhaineann le Oíche Shamhna. I gCeatharlach cloisfimid faoi Lucinda Sly, an bhean deiridh a crochadh ar an mbaile. I Márta na bliana 1835, tháinig deich míle duine chuig an mbaile seo le Lucinda Sly agus John Dempsey a fheiceáil á gcrochadh. Go Gaillimh ansin, áit a dtabharfaidh Síle cuairt ar Ócáid Mhór Oíche Shamhna Macnas. Athrú, an saol, bás agus athbhreith a bheidh á cheiliúradh ag paráid na bliana seo.

Chéad Taispeántas: 26 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Filleann  Síle Nic Chonaonaigh  ag taisteal na tíre ar thóir scéalta agus imeachtaí a thugann léargas ar an saol sa bpobal sin – scéal spreagúil nó suimiúil i gcónaí.

Beidh trácht ar bhánú na tuaithe, ar fhiontraíocht, ar athnuachan bailte agus ar cheardaíocht.  Féach, fiosraigh agus feidhmigh!

Léiriú le Open Eye Productions

Físeáin ar Fáil