Finné | Faisnéis | Scéalta Daonna ó Cinnlínte Nuachta | TG4 Skip to main content
Menu

Finné

Céad
9.30pm
Luan
mall
     

Déanfaidh George Stagg cur síos ar mar a ghlac an Rialtas smacht ar shochraid a dheartháir
Dé Céadaoin @ 9.30pm

Fógraíocht

Peter Mulryan 1-3

Rátáil Tuismitheora: 16

Rugadh Peter Mulryan in Áras Máithreacha agus Naíonán Thuama i 1951. Nuair a bhí sé ar tí pósadh, theastaigh uaidh eolas a fháil ar a mháthair bhreithe. Rinne sé roinnt fiosraithe agus d'aimsigh sé a mháthair ag cur fúithi anois i Neachtlann Mhaigdiléana i nGaillimh. D'éirigh leis aithne a chur uirthi sula bhfuair sí bás. Ach níor thuig sé riamh go bhféadfadh sé gur rugadh deirfiúr leis san Áras go dtí gur chas sé le Catherine Corless, staraí áitiúil i dTuaim.

Chéad Taispeántas: 19 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Finné

Spreagtha ag cláracha faisnéise de chuid Netflix le blianta beaga anuas, is sraith úrnua faisnéise é Finné a nochtaíonn na scéalta daonna taobh thiar de scéalta móra Éireannacha le leathchéad bliain anuas. Curtha i láthair ag Orla O’Donnell, comhfhreagraí cúirte RTÉ, tugann Finné oscailt súil dúinn ar an rian a d’fhág na heachtraí tromchúiseacha seo ar an té a mhair trítha.
 
 
I gClár 4:
George Stagg
Scéal Frank Stagg a bhásaigh ar stailc ocrais i bpríosún i Sasana i 1976. Ní raibh rialtas na hÉireann ag iarraidh go ndéanfaí mairtíreach dó. Ba é deartháir Frank, George, a bhí lena chónra a thabhairt abhaile as Aerfort Bhaile Átha Cliath go Béal an Átha i Maigh Eo, áit a raibh sé le cur in uaighe phoblachtach. Ach ar an mbealach anall d’ordaigh an Rialtas do lucht an eitleáin cúrsa a athrú agus luí sa tSionainn. I gcoinne mian a mhuintire, ghlac an Rialtas smacht ar shochraid Frank a dhiúltaigh é a chur in uaighe phoblachtach. Déanfaidh George Stagg cur síos ar an méid a tharla.
 

Físeáin ar Fáil