Follow the Money
Dráma scéinséir ón Danmhairg bunaithe ar choiriúlacht airgid.
Físeáin Faoi Thrácht
Fógraíocht
Scéinséir coiriúlachta as an Danmhairg faoi choiriúlacht i gcúrsaí eacnamaíochta. Scéal faoi shaint, faoi chneámhaireacht agus faoi ghadaíocht i measc maithe agus móruaisle sa saol tráchtála. Nuair a thagtar ar chorp i bhfarraige gar d’fheirm ghaoithe amach ó chósta na Danmhairge, níl an bleachtaire atá i gceannas sásta glacadh leis gur timpiste a bhí i gceist. Dá mhéid a fhiosraíonn sé an cás is mó amhras a bhíonn air faoin gcomhlacht fuinnimh Energen. Ní fada go mbíonn sé féin i gceartlár na mbeartaíochtaí airgeadais agus dlí cama a bhíonn ar bun.