Hector - Ó Siberia go Saigon | Hector Ó hEochagáin | Taisteal | Siamsaíocht | TG4 | #hector Skip to main content
Menu

Hector – Ó Siberia go Saigon

Déar
9.30pm
Aoine
mall
     

Cuireann Hector Ó hEochagáin tús
leis an eachtra is mó fós i gcroílár na Sibéire
Ag tosú Déardaoin @ 9.30pm

Hector – Ó Siberia go Saigon

Tá an taistealaí is clúití in Éirinn, fear nach mbíonn fuacht ná faitíos air, Hector Ó hEochagáin, ar ais ar TG4 agus é ag tabhairt faoi aistear mór a thosóidh i bhfad ó thuaidh i gcríocha na Sibéire sa Rúis agus a leanfaidh breis is 8000 ciliméadar os cionn sléibhte, trí fhásaigh, aibhneacha agus naoi dtír éagsúla an bealach ar fad chuig cathair nua-aoiseach Ho Chi Minh nó Saigon i Vítneam. I gceann de na réigiúin is lú daonra ar domhan a chuirfear tús leis an aistear is mó, is faide agus is spreagúla ar thug Hector faoi fós. Beidh sé in áit atá 3500 ciliméadar ó Mhoscó, príomhchathair na Rúise, agus atá i gcroílár réigiúin as a bhfuiltear ag díbirt deoraithe agus príosúnaigh leis na mílte bliain. Sea, tá Hector ar ais agus ag cur tús lena thuras is mó i gcroílár na Sibéire.
 

 
Clár 1:
I Tomsk sa tSibéir a chuirfidh Hector tús lena aistear i dteannta snámhaithe leac oighir agus madraí a tharraingíonn cairr sleamhnáin in aimsir faoi 30 céim. Casfaidh sé le sagart in Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise sula dtabharfaidh sé faoi thuras bóthair chuig príomhchathair na Sibéire, Novosibirsk. Cuirfidh sé sár-aithne ar dhaoine i ngníomhaireacht mainicíneachta, feicfidh sé bailé Rúiseach agus tabharfaidh cúirt ansin ar chréamatóiriam. Tabharfaidh sé ansin faoin aistear is faide ar thraein ar domhan, an tIarnród Tras-Sibéarach agus é ag déanamh an bhealaigh go dtí an Mhongóil.
 

Físeáin ar Fáil