Ros na Rún | Sobaldhráma | Dráma | Sraith Teilifís Éireannach | TG4 Skip to main content
Menu

Ros na Rún

Máir
20:30
Déar
20:30
     

Iarrann O’Shea ar Shorcha teacht chuig an stáisiún.
Tugann Dee ar Mháire eolas bréagach a scaipeadh.

Dé Máirt @ 20:30

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Baintear siar as Vince é nuair a úsáideann Caitríona a chárta creidmheasa i ngan fhios dó. Ní cheapann Caitríona go bhfuil údar ar bith aige a bheith míshásta go háirithe mar gheall na bréaga a d'inis seisean faoi Andy. An dtiocfaidh an lánúin as seo ar fad? Faigheann O'Shea deis, ar deireadh, Andy a cheistiú ach tagann athrú ar chúrsaí nuair a chuireann seisean líomhaintí i gcoinne Bhriain. An gcreidfidh O'Shea Andy? Tá Sorcha ag lorg teistiméireachta ach níl Berni sásta ceann a thabhairt di. Le teann eagla féachann Briain a chur ina luí ar Berni teistiméireacht a thabhairt di.

Chéad Taispeántas: 19 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Ros na Rún
 
Dé Máirt @ 20:30
Iarrann O’Shea ar Shorcha teacht chuig an stáisiún lena ceistiú. Ní chuireann sé isteach ná amach uirthi ar dtús ach ní fada go dtagann faitíos uirthi go bhfuil a fhios ag O’Shea go raibh baint aici le timpiste Jude. An admhóidh sí gach rud? Ní stopfaidh Dee nó go mbeidh Katy scriosta aici. Tugann sí ar Mháire eolas bréagach a scaipeadh. An éireoidh le Dee an cloigeann a oibriú ar Mháire? Baintear geit as Briain nuair a fhaigheann sé amach an méid atá Andy a chur ina leith agus go raibh Berni ar an eolas faoi. An ngabhfaidh O’Shea Briain?
 
Is é Ros na Rún an sobaldráma is faide agus is fearr atá ar TG4 agus an t-aon sobaldráma Éireannach a bhfuil rian na tuaithe air. Bíonn fáil ann ar gach gné den saol comhaimseartha – ceisteanna caidrimh, grá, gnó, teannas teaghlaigh, magadh agus spochadh na gcomharsan agus mór-fhadhbanna pearsanta agus pobail le feiceáil ann. Tugann Ros na Rún aird ar scéalta a bhaineann le cúrsaí sóisialta atá i bpobail an lae inniu chun solais á bhuíochas sin don sár aisteoireacht agus scríbhneoireacht.
 


Suíomh: www.rosnarun.com
Facebook: www.facebook.com/rosnarun
Twitter: twitter.com/RosnaRun/
Instagram: www.instagram.com/RosnaRun1
Snapchat: rosnaruntg4 www.snapchat.com/add/rosnaruntg4

Físeáin ar Fáil