Scannáin Éireannacha | Scannan ar TG4 | TG4 Skip to main content
Menu

Scannáin Éireannacha

     

Mí an Mhárta, mí na scannán Éireannach ar TG4
Silence – 23.03 @ 10.55pm

 

 
 

Silence23.03 @ 10.55pm
‘Saothar máistriúil’ an cur síos a rinne an Irish Times ar an scannán ‘Silence’ le Pat Collins’, a insíonn scéal Eoghain (ina bhfuil Eoghan Mac Giolla Bhríde), taifeadóir fuaime a fhilleann ar Éirinn den chéad uair le cúig bliana déag, chun tírdhreacha nach bhfuil truaillithe ag fuaimeanna an chine daonna, a thaifeadadh. Tá rianta an bhéaloidis agus na cartlainne le brath go láidir air.
 
Inside I’m Dancing25.03 @ 9.30pm
James McAvoy, Romola Garai agus Steven Robertson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Damien O’Donnell. Nuair a bhogann Rory isteach i dTeach Cónaithe Carrigmore do Dhaoine faoi Mhíchumas bíonn tionchar mór aige ar an áit. Éiríonn sé mór le Michael, fear óg a bhfuil pairilis cheirbreach air agus a bhfuil an chaint go dona aige. Tuigeann Rory céard a bhíonn sé ag iarraidh a rá agus spreagann é leis an saol mór taobh amuigh den teach cónaithe a fheiceáil.
 
Jump30.03 @ 11.15pm
Scannán é ‘Jump’ le Kieron J. Walsh, faoi cheathrar atá sna fichidí a chastar ar a chéile, oíche chinniúnach Chaille, faoi scáth bhallaí ársa Dhoire – oíche lán de chaint, timpistí agus scéiméireachta a bhíonn inti.
 
Phone Booth01.04 @ 9.30pm
Tá Stuart Shepard faoi choinneáil i mbosca teileafóin ag fear gunna

Físeáin ar Fáil