Tríd an Lionsa | Faisnéis | Cartlann Griangrafanna | Éire | TG4 Skip to main content
Menu

Tríd an Lionsa

     

Sraith a thugann chun solais an saibhreas atá ar fáil sna taiscí cartlainne de ghrianghrafanna a tógadh sa tír seo idir 1880-1902.

Fógraíocht

Tríd an Lionsa 2-6

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith a thugann léargas ar an saibhreas breá grianghraf atá sna taiscí cartlainne, grianghraif a tógadh sa tír sa tréimhse 1880-1902, luath-laethanta ré na grianghrafadóireachta in Éirinn. Á cur i láthair ag an Dr. Úna Ní Bhroiméil. Scrúdófar pictiúir a tógadh laistigh agus lasmuigh de Leabharlann Náisiúnta na hÉireann a thugann léargas ar chúrsaí inscne agus aicme nuair a d'oscail an leabharlann in 1877. Bhí cead ag mná den uasaicme cuairt a thabhairt ar an áit phoiblí seo ina n-aonar agus gan aon imní orthu go dtarraingeodh siad droch-cháil orthu féin.

Chéad Taispeántas: 11 Mei

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Tríd an Lionsa

Sraith a thugann chun solais an saibhreas atá ar fáil sna taiscí cartlainne de ghrianghrafanna a tógadh sa tír seo idir 1880-1902. Pádraic Ó Neachtain ár dtreoraí ar an turas taibhsiúil seo d’íomhánna. Chuir saothar na ndaoine seo go mór le tuiscint a chothú ar an ngrianghrafadóireacht agus ar an leas a d’fhéadfadh sí a dhéanamh don iriseoireacht agus don turasóireacht.
Á chur i láthair ag Pádraic Ó Neachtain.

Léiriú le Sibéal Teo

Físeáin ar Fáil