28.06.17 – Peil na mBan | 2017Nuacht RáitisPreas | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

2017

Cluichí Ceannais Cúige Pheil na mBan le sruthú ag TG4 ar YouTube


Dheimhnigh TG4 agus Cumann Pheil na mBan inniu go mbeidh na Cluichí Ceannais Cúige i gCraobh Shinsear TG4 i bPeil na mBan 2017 á mbeo-shruthú ar YouTube den chéad uair riamh. Fágann seo go mbeidh rochtain ar na cluichí seo saor in aisce ar fud an domhain.

Tosóidh an tionscnamh nuálach seo ag deireadh na seachtaine seo le beo-chlúdach ó Chluain Eois ar Chluiche Ceannais Uladh idir Muineachán agus Dún na nGall ar an Domhnach 2 Iúil ag 3.45pm agus leanfar leis ar an iarnóin chéanna le clúdach (ar shruth eile) ar Chluiche Ceannais Chonnacht idir Maigh Eo agus Gaillimh ag 4.30pm.

Ar an Satharn 8 Iúil imreofar Cluiche Ceannais na Mumhan idir Port Láirge agus Ciarraí i Mala (3.45pm) agus beidh seo freisin ar fail be YouTube. Ar an Domhnach 9 Iúil a imreofar Cluiche Ceannais Laighean idir Áth Cliath agus an Iarmhí a thosóidh i gCeatharlach ag 4.00pm.

Chuir Ardsiúrthóir TG4, Alan Esslemont, fáilte roimh an mbeochlúdach seo.“Is iomaí forbairt shunstach déanta again ar ár gclúdach ar Chraobh TG4 i bPeil na mBan ó thosaigh muid air, seacht mbliana déag ó shin,” a dúirt sé, “ agus is deas linn an ceann is deireanaí seo – beochlúdach ardchaighdeáin ar YouTube ar na Cluichí Ceannais Cúige i ngrád na sinsear. Tabharfaidh na cluichí seo tuairim mhaith don lucht leanta faoina bhfuil amach romhainn sa gCraobh sa Samhradh.

D’fháiltigh Ard-Stiúrthóir LGFA, Helen O’Rourke, freisin roimh an fhorbairt seo agus mhol TG4 as na cluichí suntasacha craoibhe seo a bheochlúdach. “Cuirfear suim ar leith sna cluichí seo,” a dúirt sí, “ina bhfuil ocht bhfoireann chumasacha páirteach. Den chéad uair ó 2003, níl Corcaigh cáilithe do Chluiche Ceannais na Mumhan agus i gcúige Laighean, tá mná Átha Cliath ar thóir an séú craobh as a chéile.”

Domhnach 2 Iúil 3.45pm
Cluiche Ceannais Uladh 2017 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan
Dún na nGall v Muineachán, Cluain Eois,
https://www.youtube.com/watch?v=NgCQwOzi5Kw

Domhnach 2 Iúil, 4.30pm
Cluiche Ceannais Chonnacht 2017 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan
Gaillimh v Maigh Eo, Caisleán an Bharraigh
https://www.youtube.com/watch?v=hLoAwjS6Qg4

Satharn 8 Iúil, 3.45pm
Cluiche Ceannais na Mumhan 2017 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan
Ciarraí v Port Láirge, Mala
https://www.youtube.com/watch?v=3h7mGWcYJrg

Domhnach 9 Iúil, 4.00pm
Cluiche Ceannais Laighean 2017 i gCraobh TG4 i bPeil na mBan
Áth Cliath v An Iarmhí, Ceatharlach
https://www.youtube.com/watch?v=v5_2iOh8Aaw

Fógraíocht