Gradaim an Irish Post le beochraoladh as Londain ar TG4 | 2017Nuacht RáitisPreas | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

2017

Gradaim an Irish Post le beochraoladh as Londain ar TG4


D’fhógair TG4 inniu go mbeidh deis ag a lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain mór-ócáid bhliantúil na nÉireannach sa mBreatain a fheiceáil beochraolta ar an 23 Samhain ag 9.30pm. Tugann na Gradaim seo aitheantas do shaothar agus d’éachtaí eile i réimsí tionscal, ceoil, craolacháin agus obair phobail.

Bronnfar seacht nGradam ar an oíche, ina measc, Gradam Saoil ar Sir Bob Geldof, ceoltóir agus feachtasóir daonnachtúil a thuill cáil ar dtús mar fheachtasóir nuair a d’eagraigh sé ceolchoirm cháiliúil Live Aid i Staid Wembley, Londain, i Samhradh na bliana 1985.

Bronnfar Gradam Comaoine ar son Gnó an Banbharún Karren Brady, a bhfuil cáil fhorleathan uirthi i réimsí na fógraíochta, na meán agus mar iar-Bhainisteoir Stiúrtha ar Birmingham FC, nuair a bhí sí 23 bliain d’aois, an chéad bhean riamh a ceapadh sa ról seo i gclub sacair.

Beidh na grúpaí aitheanta Kodaline agus Beoga ag seinm ag an ócáid i mbliana agus is iad na láithreoirí ná Aoife Ní Thuairisg– TG4 agus Eamonn Holmes.

Beidh an ócáid á beo-chraoladh ar gach ardán TG4 agus sula dtosóidh an seó féin, beidh na scéalta ar fad ón gcairpéad dearg roimhe ó Óstán an Grosvenor House ag Caitlín Nic Aoidh ar Snapchat agus Insta TG4. Freisin is féidir an spraoi ar fad a leanúint ón seó beo ar twitter #IrishPostAwards

Orthu sin a fuair Gradaim an ócáid seo i mblianta roimhe seo, bhí, Terry Wogan, Daniel Day-Lewis, Michael Flatley agus Mo Mowlam.

Breis Eolas:

Linda Ní Ghríofa, TG4, – Mob: 087 9172864  E-mail: Linda.ni.ghriofa@tg4.ie

Cuir aithne orainn:

@TG4TV #IrishPostAwards

Fógraíocht