Traenáil & Forbairt
Scéalaithe Físe / Mojo
Is deis iontach atá in obair na Scéalaithe Físe (Mojo) do dhaoine atá ag tosú amach sa ghnó chun cur lena gcuid taithí.
Bain triail as ábhar gearrfhoirme a chruthú do na hardáin sóisialta, Molscéal agus Bloc.
Má tá cumas scéalaíochta ionat agus fonn ort a bheith ag obair in earnáil na meán, is tús maith é seo chun cur le do phortfóilió.
Féach ar an gcineál ábhar atá BBC Three, Vice Media, BBC the Social agus eile a chruthú chun tú féin a spreagadh…
Cé hiad na Scéalaithe Físe?
Daoine atá ábalta scéalta a chruthú agus a chur in eagar, trí úsáid a bhaint as fóin phóca, lena bhfoilsiú ar ardáin shóisialta TG4, Molscéal agus BLOC.
Fáiltíonn muid go háirithe roimh:
- mionscéalta faisnéise
- mionscéalta siamsaíochta
- mionscéalta drámaíochta nó grinn
Íocfaimid as aon scéal atá oiriúnach agus a fhoilsímid ar na hardáin shóisialta atá againn.
Má tá tacaíocht ag teastáil uait chun scileanna MOJO a fhoghlaim, déan teagmháil linn.
Cé na cinéalacha scéalta atá ag teastáil?
MOLSCÉAL
Is ar an gcroí lucht féachana, iad siúd arb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga labhartha atá acu, atá scéalta Molscéal dírithe.
Táimid ag lorg: Scéalta pobail a thugann léargas ar ócáid nó ar imeacht phobail nó a léiríonn gné ar leith den saol Gaelach / Gaeltachta.
Tuilleadh eolais: deirdre.ni.choistin@tg4.ie
BLOC
Tá BLOC dírithe ar lucht féachana 18 – 34 bliain, an t-aos atá ‘ faoi bhláth’
Scéalta físiúla atá uainn, a thugann léargas ar shaol agus ar shainspéiseanna daoine óga agus iad ag tosú amach agus ag baint súp as an saol.
Tuilleadh eolais: caroline.ni.dhubhchoin@tg4.ie