Amhrán: Bó na Leathadhairce | Bó na LeathadhairceAmhráinTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Bó na Leathadhairce

Bó na Leathadhairce

Liricí: Bó na Leathadhairce

á rá ag Muireann Nic Amhlaoidh

Thíos cois na toinne sea a beathaíodh mo chaora,

Ó, ag Diarmaid Ó Duilleáin ó Bharra na hÍne,

Mac dearthár athar dom a chuir le faill í,

Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire.

Curfá: Bó, bó, bó na leathadhairce,

Bó, bó, is í an tseanchaora adharcach,

Bó, bó, bó na leathadhairce,

Bó dhroimeann dearg is ní fheadar cá bhfaighinn í.

B’fhearr liom ná scilling go bhfeicfinn mo chaora,

Teacht go dtí an doras ar maidin nó istoíche,

Thálfadh sí bainne dhom, bheathódh sí uan dom,

Chuirfeadh sí jeaicéidín deas ar mo bhuachaill.

Curfá

Chonacsa beirithe í, chonac á roinnt í,

Chuireas-sa dúil inti, is blúire ní bhfaighinn di,

Ó, nár dheas í! Ó, nár mheidhreach!

Ó, nár dheas í an tseanchaora adharcach.

Curfá

Dá mbeinnse in rachmas, i ngradam is in oidhreacht,

Thabharfainnse guinea ar chúpla slice di,

Ó, nár dheas í! Ó, nár mheidhreach!

Ó, nár dheas í an tseanchaora adharcach.

Curfá

D’íosfainn lán píce dhi, d’íosfainn lán oighinn di,

D’íosfainnse sliosar den tseanchaora adharcach.

Ó, nár dheas í! Ó nár mheidhreach!

Ó, nár dheas í an tseanchaora adharcach.

 

Gluais

  • adharca = an dhá rud crua a fhásann as ceann bhó

Íoslódáil leagan PDF de liricí an amhráin agus den eagraí grafach don Sraith Shóisearach anseo.


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.