Amhrán: Casadh an tSúgáin | Casadh an tSúgáinAmhráinTG4 Foghlaim | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Casadh an tSúgáin

Casadh an tSúgáin

Trascríbhinn

Casadh an tSúgáin

á rá ag Jimmy Ó Ceannabháin

’S nach thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mná,

Nach thiar sa mbaile a d’ól mé leo mo sháith,

Dar brí mo mhaide, mara stopfaidh sibh feasta amhlaidh seal mar atá,

Ach déanfaidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

Mar d’imir mise beart i dteach Uí Dhomhnaill aréir,

’S an darna cleas i dteach a bhí go dlúth lena thaobh,

Ach an tríú teach cén mhaith dhom é a chur i bhfad eile scéil,

Fuair an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáin féir.

Ach cén cat mara a chas an bealach údan mé,

’S a liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhág mé in mo dhiaidh,

Mar gheall ar throid, ar bhruíon ’s ar throid nár shantaigh mé,

Muise seanbhó bhreac agus óinseach mná a bhí gan aon chiall.

Mar chuirfinn is threabhfrainn is chraithfinn an síol go domhain sa gcré,

Nach seolfainn ba san áit a mb’airde a mbeadh an féar,

Chuirfinn crú ar an each ab ba corraí casta ab airde a chaithfeadh léim,

Nach n-éalódh bean le fear nach ndéanfadh é sin fhéin.

Mar dhá mba mil í an raithneach, is deas a shiúlfainnse le mná,

Mar níl siad leath chomh dona is a bhíonns daoine a rá,

Mar is buachaill mise a d’imigh is a d’ól mo sháith,

Ach ó chuireadar an cluiche orm ag bogadh an tsúisín bog bán.

’S nach dtáinig mise isteach i dteach dhá uair roimh an lá,

Bhí bean óg ar meisce ann ’s cúl a cinn fúithi ar lár,

Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, tapa ná go hard,

Chuir mé cois lena cois is bhog muid an súisín bog bán.

Muise, a Rí na bhFeart, cé as a ndéanfaidh mé mo bhrón?

Mar níl mé deas, níl agam eallach, lao ná bó,

’S mura bhfuil tú bríomhar seasmhach spreacúil as do lár,

Ó, fan i bhfad amach uaim ag bogadh an tsúisín bog bán.

Dá mbeadh spré ag an gcat, nach deas a phógfaí a bhéal,

’S cat nach mbeadh, nach fada ó bhaile a ruaigfí é,

Nach bhfuil iníon na caillí stoithní gliobaí pioctha casta pósta ó aréir,

Tá mo stór sa mbaile is níl duine aici a phógfadh a béal.

’S má bhíonn tú liom, bí liom as comhaireamh lán an tí,

Má bhíonn tú liom, bí liom gach orlach in do chroí,

Má bhíonn tú liom, bí liom de ló agus d’oíche,

Nach an trua le fonn nach liomsa Dé Domhnaigh mar mhnaoi.

Nach iomaí gráinne eorna a tharraingíonns orainn gleo agus caint,

Ach luach an óil go deo ní bhfaighidh muide ar ais,

Go n-athraíonn an chóir is go dtéann an ghaoth mhór ó thuaidh ’s ó dheas,

Ach go ndeo na ndeor is liomsa an phóg, ó, sí an bhean.

 

Gluais

 

 

 

 

  • súgán = róipín tuí lámhdhéanta

 

Íoslódáil leagan PDF de liricí an amhráin agus den eagraí grafach don Sraith Shóisearach anseo.


Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.


Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.