Teicneolaíocht Chumarsáide
– Dia dhaoibh, a chairde!
– Tá mé ar ais le léirmheastóireacht a dhéanamh ar na cláracha is fearr a bhí againn i rith na seachtaine. Ach ar dtús báire, bhí cúpla duine a rá go raibh mé ag éirí róchaol, ‘so’ thug sé sin leithscéal dom leath-dhosaen mince pies a ithe achan uile lá! Gom, gom, gom!
– Chaith mé oíche Dhomhnaigh ag breathnú agus ag gáire ar an gclár nua An Ríl Deal. Pearsana aitheanta ag damhsa atá ann. Tá a fhios agam cad atá sibh ag smaoineamh… an saghas rince a fheicfeá (sic) ag bainis ag a dó a chlog ar maidin! Bhuel, ní hé – tá sé i bhfad níos measa ná sin! Arú, ag magadh atá mé. Tá an clár thar barr ar fad. Féach ar rí SnapChat TG4, Michael Ó Ciaraidh, nó Ken mar a ghlaonn siad air ar an gclár – meastú an gcuirfidh siad Ken ina bhocsa agus ar ais chun a’ bhaile? Amharc anseo le go bhfeicfidh sibh.
– Bhí an-chraic acu. Ag caint fa chraic, tá Chris sa chlár Céard sa Diabhal craiceáilte! Cuireann sé é fhéin i mbealach na contúirte… téann sé ag paraisiútáil… A Mhaighdean – mo chroí! Ó, más adrenalin junkie tú, féach anseo go bhfeicfidh tú an ndéanfaidh sé é. Níl mise in ann aige!
– Anois, tá Chris ag plé le paraisiút le fada an lá, agus tá an-scil aige… eh Chris… Chris! Cá bhfuil tú a dul? A, ná habair go bhuil tú ag triail dul thríd sin!
– Bhóóóóóóóóóóóóóó…! Bhabh! Úúú, bhí sé sin gar, a Chris!
– A, breathnaigh! Meangadh mór gáire air!
– A, i ndáiríre, bhí sé sin iontach.
– Bhí T.R. Dallas mar aoi speisialta ar Opry an Iúir an tseachtain seo caite. D’fhoghlaim sé amhrán Gaeilge. Bhuel, b’fhéidir nár fhoghlaim… ach rinne sé iarracht.
– Níl mé cinnte an raibh T.R. ag éisteacht sa rang. Rinne an spéirbhean Róisín Ní Chorraidh obair bheirte ansin!
Cé na formáid a bhaineann leis na cláir sa mhír? Tabhair do thuairim ar na formáid éagsúla teilifíse thíos.
- Cé acu seánra nó seánraí is fearr leat?
- Cé acu nach dtaitníonn leat beag ná mór?
- An bhfuil aon seánra eile clár ar fáil ar an teilifís?
- An bhfuil mórán difríochtaí idir an teilifís inniu agus an teilifís deich mbliana ó shin?
- An bhféachann tú ar go leor clár ar líne?
- Céard is brí leis an téarma “na meáin”?
- An bhfuil cumhacht mhór ag na meáin?
- Céard iad na buntáistí agus na míbhuntáistí atá ag meáin láidre, dar leat?
- Cé leis na cainéil éagsúla teilifíse in Éirinn?
- An bhféachann tú níos mó ar chainéil Éireannacha nó ar chainéil ó thíortha eile?
- An bhfuil tionchar ag an teicneolaíocht ar chúrsaí teilifíse?
- An bhfuil tionchar ag na meáin ar fhéin-íomha?
- Cén phearsa teilifíse is fearr leat?
- An léann tú irisí teilifíse?
- Ar mhaith leat a bheith i do réalt teilifíse?
Is comhthionscnamh de chuid TG4 agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é TG4 Foghlaim.
Féach thíos roinnt rogha clár ó Sheinnteoir TG4. Tuilleadh ar fáil ag www.tg4.tv.