Nuacht | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Nuacht TG4

Móramh beag sa Tuaisceart i bhfabhar athaontú na hÉireann
11 MEÁN FÓMHAR 2019 : 17:54
"Móramh beag sa Tuaisceart i bhfabhar athaontú na hÉireann"

Vótáilfeadh móramh beag i bhfabhar Éire a athaontú dá mbeadh reifreann ann amárach, de réir suirbhé a rinneadh thar ceann an rachmasaí sa Bhreatain, an Tiarna Ashcroft. 

46% a bheadh i bhfabhar an athaontú na hÉireann agus 45% a bheadh i bhfabhar fanacht sa Ríocht Aontaithe, más fíor don phobalbhreith. Níl a fhios ag an 9% eile conas mar a vótáilfaidís nó ní chaithfidís vóta ar chor ar bith, a deirtear. 

Daoine os cionn 65 bliain d'aois is mó a bheadh i bhfabhar fanacht dílis do Bhanríon Shasana. 

Creideann 51% den dream a ceistíodh gur mó seans go n-athaontófar an tír má imíonn an Bhreatain as an Aontas Eorpach.

1,542 duine fásta a ceistíodh don suirbhé a rinneadh idir 30 Lúnasa agus 2 Meán Fómhair.

Fógraíocht