Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Sathairn 21 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 264

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 7:02AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 9

    Dlí na Domhantarraingthe Murphy

    Foghlaimíonn ár gcairde sa tsaotharlann faoi mhais, domhantarraingt, meáchan, fithis agus táimhe.

  • 7:14AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 10

    Mistéir sa Choill

    Tá taisce foghlaí mara ar iarraidh agus téann ár gcairde sa tóir uirthi sa siopa seandachtaí áitiúil.

  • 7:26AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 23

    Dónall Dána Sáinnithe

    Sáinnítear Dónall agus Learaí san íoslach.

  • 7:38AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 24

    Cuairt Thar Oíche Dhónaill Dhána

    Caitheann Dónall an oíche i dteach nach bhfuil rialacha ar bith ann.

  • 7:50AM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 55

    Puimcín ar Shiúl

    Tá Nóinín ag cur isteach ar an gcomórtas don phuimcín is mó ag an gcóisir Oíche Shamhna.

  • 8:02AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:04AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    Céard atá i Lár an Domhain? Uaimhbheathaigh!

    Téann an druil-traein isteach i bpluais aolchloiche faoi thalamh.

  • 8:16AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 5

    Ceist an Chréocháin

    Tagann an stiúrthóir cantalach, Rónán, ar thaibheoirí a mbeidh smacht iomlán aige orthu mar go bhfuil siad déanta as cré.

  • 8:29AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 30

    An tSlaitín Draíochta a Bhí ag Blasta

    Tá eagla ar Shnasta agus ar Mhilseog roimh shlaitín draíochta Bhlasta.

  • 8:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 29

    Scéalta á Scríobh

    Tá na piscíní chun a gcuid scéalta féin a chumadh in éineacht.

  • 8:40AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 31

    Mo Sheanscútar

    Tá na páistí ag foghlaim faoi rialacha an bhóthair ar chúrsa an Uasail Marrow. Tá faitíos ar Yummble nach bhfaighidh sé suaitheantas sábháilteachta bóthair mar gheall gur seanscútar meirgeach atá aige.

  • 8:47AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 5

    Cluiche Peile

    Ní bhíonn sos ar bith ag Tom ón obair nuair a chuireann cluiche peile an fheirm trína chéile.

  • 8:58AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 5

    Radharc na Luiche

    Tá luch coinnithe sa teach ag Wissper ach tá an ghráin ag Mama uirthi.

  • 9:06AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 5

    Ag Comhaireamh do Chuid Sicíní

    Féachann Phoebe agus Elmo le haire a thabhairt do chúig shicín atá ar bís.

  • 9:17AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 4

    Busanna Phlimpáin

    Tá deireadh curtha ag an Uasal Dris le seirbhís bus Phlimpáin agus níl aon bhealach chuig an trá anois ag Ned ná ag Meg.

  • 9:22AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 5

    An Sleamhnán Daite

    Is fada le Bubu, Biel agus Bonie go stopfaidh an bháisteach nó go bhfeiceann siad bogha ceatha.

  • 9:33AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 44

    Aistear na Síolta

    Tá Sailí agus Nic ag dul ar aistear ach cén chaoi a rachaidh siad ann?

  • 9:45AM
    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)

    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Daideo Páraic agus Megan

    Tá Megan leis an lá a chaitheamh in éineacht lena Daideo Páraic. Taispeánfaidh sí a héisc ildaite dúinn sula rachaidh sí féin agus a Mamaí tigh Dhaideo. Tabharfaidh siad béile do chapall Dhaideo agus ansin tabharfaidh Megan rang gleacaíochta do Dhaideo. Baineann siad an-spraoi as an lá!

  • 9:52AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 21

    Ríona ag Rang Damhsa ar an Sean-nós

    Rachaidh Ríona chuig rang damhsa ar an sean-nós den chéad uair. Buailfidh sí leis an múinteoir Aoife a thaispeánfaidh di a mbeidh ag teastáil uaithi - bróga damhsa, dlúthdhiosca agus buidéal uisce. Cuirfidh Ríona uirthi na bróga damhsa agus glacfaidh sí páirt sa rang in éineacht leis na damhsóirí óga Niamh, Ríona eile agus Rónán. Múinfidh Aoife cúpla céim dóibh agus déanfaidh siad neart cleachtaidh. Tabharfaidh Niamh agus an Ríona eile taispeántas damhsa ar an sean-nós agus ina dhiaidh sin tabharfaidh Ríona a taispeántas damhsa féin.

  • 10:05AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    Peataí Beaga sa Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga, ar peataí iad, an tráthnóna.

  • 10:35AM
    On The Limit Sports

    On The Limit SportsSraith 9, Eipeasóid 23

    An t-aicsean is fearr agus is déanaí ó chúrsa Railí na hÉireann.

  • 11:05AM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 33

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine - Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas Pheil na mBan TG4 ina measc. Áth Cliath v Gaillimh i gCluiche Ceannais na Sinsear, an Mhí v Tiobraid Árainn sa Chluiche Ceannais Idirmheánach agus Fear Manach v an Lú i gCluiche Ceannais na Sóisear TG4.

  • 12:05PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Town Party, Country Party

    Gortaíonn Laura a rúitín ag cóisir Nellie Oleson. Cuireann sí aithne ar chailín beag a bhfuil máchail uirthi ó rugadh í agus a bhfuil cos amháin níos faide ná an chos eile. Socraíonn na cailíní Ingalls cóisir a bheith acu féin agus féachann Laura le díoltas a fháil ar Nellie Oleson.

  • 1:05PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Ma's Holiday

    Socraíonn Charles agus na cailíní Caroline a thabhairt ar laethanta saoire. Nuair nach mbíonn Grace Snider in ann dul in éineacht leo, téann an tUasal Edwards ina háit. Bíonn an-jab aige le cailíní Ingalls, Carrie go háirithe. Bíonn an-imní ar Caroline faoi na gasúir agus í imithe.

  • 2:00PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Deadly Lady

    Tugann fear mistéireach cuairt ar theach Jessica. An mhaidin chéanna tuairiscítear go bhfuil an t-ilmhilliúnaí Stephen Earl ar iarraidh.

  • 2:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 264

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 4

    Scéal Taibhsiúil

    Nuair a théann muc i bhfostú i gclúdach piliúir Masha ceapann chuile dhuine gur taibhse é.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 21

    Ticéad Cleasach Catboy

    Caithfidh Catboy roghnú idir beirt chairde ach níl sé in ann.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 61

    Banríon na hOíche

    Rachaidh an Cat Cliste agus a chairde ar eachtra sa bhfásach chun teacht ar phlanda neamhghnách atá réidh le teacht i mbláth.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 32

    An Páiste Nua

    Rachaidh Úna ar thuras go Baile Bhuirne, Co. Chorcaí chuig a cairde i Scoil Ábán Naofa. Tabharfaidh Úna cuairt ar ospidéal na dteidithe chun banda a chur ar a teidí, Nell. Déanfaidh sí féin agus a cairde linbhíní dá gcuid féin as potaí plandaí sula dtabharfaidh siad cluas don scéal 'An Páiste Nua'.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Ríona leis Na Gasóga

    Caithfidh Ríona an lá leis na Gasóga ar an Trá Bháin agus buailfidh sí leis an gceannaire Noranne a thaispeánfaidh di a mbeidh ag teastáil uaithi - geansaí, scairf agus miotóga. Casfaidh sí leis na gasóga ansin atá ar tí bruscar a phiocadh suas ar an trá agus gheobhaidh siad mála agus miotóga sula dtosóidh siad ag glanadh. Beidh neart ceisteanna ag Ríona faoin mbruscar uile ar an trá agus faoi ghníomhaíochtaí na nGasóg.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn!!! agus na Chipmunks

    Alvinnn!!! agus na ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 1

    An Bodach Trodach

    Tá Alvin ag ceapadh go bhfuil sé thar cionn ag karate agus tá sé ag súil go mór le dul ag troid sa gComórtas Náisiúnta in aghaidh Chiaráin Mhic Tréan.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Dónall Dána ar Shiúlóid

    Caithfidh Dónall Dána dul ar shiúlóid lena mhuintir ach caillfidh sé an clár teilifíse is fearr leis dá bharr - Bodach Trodach.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 1

    Lá Iontach le Cailín

    Caitheann Clarence lá an-deas le comharsa leis darb ainm Amy. Téann siad ag lorg bollán corr sa pháirc.

  • 4:40PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Fee ag Athshealbhú & Sárfhoireann

    Tá Fee ag obair do Randl. Caithfidh sí rudaí a fuair daoine ar cíos ó Randl a fháil ar ais dó. Glacann Fee agus Foo páirt i gComórtas Lámhchoraíochta Bhaile Littlebark agus súil acu go mbeidh an bua acu.

  • 5:05PM
    Spongebob Squarepants (TS)

    Spongebob Squarepants (TS)Sraith 5, Eipeasóid 2

    An Chéad Chócaire Friochta

    Tagann iar-chócaire an Krusty Krab ar ais ar cuairt. Tá Spongebob an-tógtha leis mar go bhfuil sé anois ina chócaire aitheanta

  • 5:18PM
    Spongebob Squarepants (TS)

    Spongebob Squarepants (TS)Sraith 5, Eipeasóid 3

    Solas Oíche

    Tá faitíos ar Spongebob roimh an dorchadas.

  • 5:32PM
    Mo Shaol Do Shaol (GS)

    Mo Shaol Do Shaol (GS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sraith ina mbabhtálfaidh beirt, nach bhfuil cosúlacht ar bith acu lena chéile, an saol mar a chaitheann siad é agus caitheamh aimsire ar feadh aon lá amháin. Beidh dúshlán mór le tabhairt i gcrích freisin acu faoi dheireadh an lae. D'fhéadfadh nach mbeadh spéis dá laghad (ná aon eolas!) ag na rannpháirtithe ar chaitheamh aimsire a chéile ach ní bheidh aon rogha acu ach bualadh faoi agus foghlaim go sciobtha - beidh torthaí spleodracha i gceist. An seinnteoir bosca ceoil Áine a bheidh ag babhtáil leis an surfálaí Anu an tseachtain seo.

  • 5:46PM
    Adventure Time

    Adventure TimeSraith 1, Eipeasóid 1

    CÓISIR CRAICEÁILTE THAR OÍCHE

    Caithfidh Finn agus an Banphrionsa Guma an Ríocht Mhilis a chosaint ó na zombaithe milse.

  • 6:00PM
    Is Maith Liom Pop (TS)

    Is Maith Liom Pop (TS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    Bannaí Éireannacha

    Tá borradh tagtha faoi thionscal an cheoil in Éirinn le ré nua bannaí pop. An tseachtain seo ar 'Is maith liom pop' caithfidh muid súil ar na bannaí ceoil is fearr as Éirinn le blianta beaga anuas.

  • 6:28PM
    Súile Londain (OS & TS)

    Súile Londain (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith ina dtabharfar léargas ar shaol agus ar thaithí na nÉireannach óg atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Breataine le roinnt blianta anuas. Tabharfar léiriú sa tsraith ar an saol mar a chaitheann seisear Gael é i gcathair ina maireann 8 milliún duine. Gheobhaimid tuiscint ar na nithe a mheallann daoine óga go Londain chomh maith leis na deiseanna atá le tapú ann.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 264

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 264

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Underdogs (OS & TS)

    Underdogs (OS & TS)Sraith 8, Eipeasóid 2

    Tá Underdogs, sraith chlúiteach CLG TG4, sa tóir arís ar fhoireann peile nua - grúpa fear a bheidh sách maith le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile gaelaí is fearr sa tír. Tá triúr laochra spóirt ar an bhfoireann bainistíochta - Mickey Ned O Sullivan, Valerie Mulcahy agus Caoimhín Ó Casaide. Ag Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach a bheidh an chéad champa traenála acu agus imreoidh siad a gcéad cluiche dúshláin in aghaidh CLG Cnoc Arda, Co. Cheatharlach. Tabharfar bata agus bóthar do dhuine de na a Underdogs ag deireadh an chláir.

  • 8:15PM
    Opry le Daniel (OS & TS)

    Opry le Daniel (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 2

    The Ryans

    Sraith ceoil tíre á cur i láthair ag Daniel O'Donnell as Fóram na Mílaoise i nDoire. Is é Derek Ryan agus a mhuintir as Co. Cheatharlach a bheidh i gcuideachta Daniel ar an gclár seo. Gheobhaidh Daniel agus an lucht féachana léargas ar shaol Derek, Adrian agus Pat Ryan. Casfaidh na deartháireacha cúpla amhrán dúinn in éineacht, ina n-aonar agus in éineacht le Daniel chomh maith.

  • 9:15PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 264

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:20PM
    Scannán: Waiting to Exhale (TS)

    Scannán: Waiting to Exhale (TS)

    (1995, Scannán grinn, dráma) Whitney Houston, Angela Bassett agus Loretta Devine na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Forest Whitaker. Scannán faoi cheathrar ban Afrai-Mheiriceánacha atá an éagsúil óna chéile agus na heachtraí a bhaineann dóibh. Bunaithe ar úrscéal de chuid Terry McMillan.

  • 11:35PM
    Port (OS)

    Port (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Ciarraí

    Sraith faisnéise ceoil sé chlár á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Rachaidh an bheirt ar aistear ceoil ar fud na hÉireann agus na hAlban. Ar Chorca Dhuibhne a thabharfaidh siad a n-aghaidh an tseachtain seo. Beidh an t-amhránaí James Graham agus an ceoltóir iontach Iain MacFarlane as Albain ina dteannta. Tá cáil mhór ar iardheisceart na hÉireann i dtaobh ceoltóirí mór le rá as Ciarraí. Casfaidh siad leis na bannaí Lumiere agus Cuas agus beidh seisiún breá bríomhar acu le Pádraig Ó Sé.

  • 0:05AM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 3, Eipeasóid 9

    Where My Dreidel At

    Cuirtear fios ar raibí chun a fháil amach cé hiad na príosúnaigh ar Giúdaigh iad i ndáiríre agus cé atá ag insint bréag chun bia níos fearr a fháil sa bhialann.

  • 1:05AM
    Ceol ar an Imeall (OS & TS)

    Ceol ar an Imeall (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 2

    Sraith deich gclár ina gcuirfear eolas agus aithne ar bhannaí ceoil as Éirinn atá ag teacht chun cinn. Chomh maith le ceol sa stiúideo cuirfear agallamh ar roinnt de na ceoltóirí idirnáisiúnta is suimiúla ar domhan. Buffalo Woman agus Bitch Falcon a bheidh sa stiúideo anocht. Casfaidh Eithne Shortall leis an amhránaí St. Vincent. Á cur i láthair ag Cian Ó Cíobhán.

  • 1:35AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 264

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.