Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 22 Eanáir

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 22

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 30

    Cairde

    Tá sé geallta ag Mofy go gcasfaidh sí le Ciarán ach stopann sí le cabhrú le Liam agus Sioux.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 31

    Amhrán na hOíche

    Tá faitíos ar Mofy roimh an dorchadas agus tá sí ag iarraidh fanacht in éineacht le Ciarán.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 21

    Lá na hEitleoige

    Tá eitleog faighte ag Streak agus ag Pip ach níl siad in ann í a chur ag eitilt.

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 40

    Sióg

    Is sióg í an cara nua atá ag Cnag, ach níl aon duine eile in ann í a fheiceáil. Cruthaíonn na hOlobobanna Sióg Líog, ach níl aon chuma uirthi ag an draíocht.

  • 7:25AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 9

    Sciáil

    Téann Rita agus Crogall ag sciáil sna sléibhte. Ach cé a d'ith an lón a bhí acu?

  • 7:30AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 10

    Pictiúrlann

    Téann Rita agus Crogall chun scannán faoi shióga a fheiceáil, ach níl cuma ná caoi ar an scannán céanna.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 33

    Fiacail Diúil

    Tá chéad diúlfhiacail Bhlasta tite.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 34

    Piscíní ag Tumadh

    Tabharfaidh Daideo na piscíní ag tumadh.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 12

    Ag Fás Suas

    Níl Yummble ag iarradh dearthár na deirfiúr eile, tá sé ag iarraidh a Mhamaí a choinneáil dó féin.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 30

    Olly an Veain Bheag Tine

    Tugann Olly agus Stan cúnamh don fhoireann nuair a bhíonn beirt fhear dóiteáin tinn. Caithfidh Ruairí iad a thraenáil ar dtús áfach. An mbeidh siad in ann ag an bpost má bhíonn tine mhór ann?

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 31

    Olly an Draíodóir

    Is é lá breithe Eoinín é agus tá sé ar bís mar go mbeidh draíodóir ag a chóisir. Ach nuair a fhaigheann Alice glaoch le rá nach féidir leis a bheith ann, caithfidh Olly agus Stan seó a chur le chéile ag an nóiméad deiridh.

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 1

    Toirneach Chugainn

    Tá faitíos ar Scratch roimh thoirneach.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 38

    Glaoch na Maidine

    Caithfidh Funella glaoch mar a bheadh coileach ann lena chinntiú go ndúiseoidh cuairteoir in am.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 40

    Leannán Rúnda Lara

    Insíonn Lara go bhfuil sí ag fáil litreacha grá ó dhuine éigin sa ngleann ach níl a fhios aici cé uaidh. Socraíonn Maya cabhrú léi.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 21

    Misean Tarrthála

    Nuair a fheiceann na hulchabháin óga éinín beag i mbéal crogaill, cuireann siad fios ar ainmhithe na foraoise chun cabhrú leo an t-éinín a thabhairt slán. Ní thuigeann siad nach bhfuil an t-éinín i gcontúirt ar chor ar bith.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 12

    An Triúr Mashketeer

    Bíonn muscaedóirí ullamh i gcónaí chun cúnamh a thabhairt, go háirithe más cúrsaí grá a bhíonn i gceist.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 75

    Faigh mícheart é lena fháil ceart

    Tá Monty trína chéile go ndearna sé botún nuair a bhí sé ag déanamh eitleán páipéir.

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 24

    Zou agus Teach na dTaibhsí

    Tá Zou agus Zak ag ceapadh go bhfuil taibhsí sa teach.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (OS & TS)

    Ár Scéal (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Cóilín an Coinín

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Cholmcille, An Tulach a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun éisteacht leis an scéal 'Cóilín an Coinín'. Baileoidh na daltaí boscaí folmha atá timpeall na scoile agus beidh an-spraoi acu ag déanamh a piñata féin. Líonann siad an piñata le milseáin áille agus beidh píosa spraoi acu nuair a chuirfear púicín ar Úna chun an piñata a bhriseadh! Éistfidh siad leis an scéal ansin.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    Ainmhithe Sléibhe - Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sna sléibhte an tráthnóna.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    His Father's Son

    Féachann an tUasal Edwards déanamh mór lena mhac agus iarrann air dul ag seilg in éineacht leis. Tarlaíonn eachtra nuair a bhíonn siad amuigh ag seilg a thugann tuiscint níos fearr dóibh ar a chéile.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 5, Eipeasóid 5

    We Got Us a Pippi Virgin

    Sraith ghrinn drámaíochta. Féachann Lorelai le cúrsaí a réiteach idir í féin agus Dean agus tugann sí cuireadh do Rory agus do Dean dul chun dinnéir in éineacht léi féin agus Luke. Ach téann cúrsaí in aimhréidh nuair a thugann Luke le fios nach bhfuil sé sásta go bhfuil Dean agus Rory ar ais in éineacht arís. Tá Emily agus Richard maraithe le huaigneas i ndiaidh a chéile ach níl ceachtar sásta géilleadh don duine eile.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 5, Eipeasóid 4

    Artisan Cheeses from the Highlands and Islands - Scotland

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna as Albain a bheidh faoi chaibidil inniu. Cé nach bhfuil cáil mhór ar Albain de bharr a cuid cáise tugann Will cuairt ar na Garbhchríocha áit a mblaisfidh sé de cháis na dTaoiseach, Caboc. Blaisfidh sé de cháis ghorm Strathdowne le harán coirce. Tabharfaidh sé a aghaidh ansin ar an Eilean Muileach áit a mbíonn teaghlaigh ansin ag cur brúitín fuisce trí bheatha na mbó le linn an gheimhridh.

  • 12:15PM
    Bia 's Bóthar (OS)

    Bia 's Bóthar (OS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Baile Átha Cliath

    Sraith faoi chúrsaí bia. I mBaile Átha Cliath a bheidh Éamonn Ó Catháin an tseachtain seo, áit a dtabharfaidh sé cuairt ar mhargadh Bharra an Teampaill. Tá neart bia idirnáisiúnta le fáil sa chuid sin den chathair, bia Indiach, bia Filipíneach agus bia Seapánach ina measc.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 6, Eipeasóid 28

    Peadar Lamb, nach maireann, a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár seo. Déanfaidh sé cur síos ar a athair, an t-ealaíontóir Charles Lamb. Labhróidh sé faoin am a b'éigean dóibh imeacht anonn chuig muintir a mháthar sa Ghearmáin nuair a bhí Hitler i mbarr a réime. Is breá le Peadar seoltóireacht agus inseoidh sé dúinn faoi shaol an aisteora. D'fhág sé an mhúinteoireacht chun dul i mbun na haisteoireachta.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 5, Eipeasóid 2

    The Dogs of War

    Ordaíonn an tUachtarán gníomhach ionsaí a dhéanamh ar champaí sceimhlitheoirí Qumari. Tá géarchéim idirnáisiúnta ann mar thoradh ar fhuadach iníon Bartlet. Tugann na fuadaitheoirí fógra 24 uair an chloig d'arm Mheiriceá imeacht as Qumar. Tugann Toby cuairt ar chlann, cúpla nuabheirthe, cé go bhfuil sé ag iarraidh súil a choinneáil ar an dá óráid atá á ndréachtú don Uachtarán, óráidí a bhféadfadh tionchar mór acu ar a bhfuil i ndán do Zoey.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 10

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 18

    Dot gan Draíocht

    Tá Dot tinn agus níl sí in ann dul chuig cóisir Ruby.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 14

    An Rothar is Fearr ar Domhan

    Faigheann Monty rothar nua agus caithfidh sé a sheanrothar a thabhairt do dhuine éigin eile anois.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 7

    Oíche Mhaith, a Fhoraois

    Foghlaimeoidh na hulchabháin bheaga faoi ainmhithe a bhíonn amuigh san oíche.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Teach Crainn

    Bíonn Sailí agus Nic ag spraoi thuas sa teachín crainn nuair a ghlaonn máthair Nic orthu don lón.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    I bhFolach

    Is maith le Nic agus Sailí a bheith ag dul i bhfolach ar a chéile ach níl Sailí go maith ag an gcluiche seo.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 35

    Cúntóir Nua

    Tá a rúitín leonta ag Brittany agus caithfidh sí ionadaí a cheapadh ina háit mar chúntóir ag an bpríomhoide.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 3, Eipeasóid 7

    Dónall Dána: Ceacht Scipeála

    Feiceann Dónall taobh eile de Shean-Aintín Gráinne nuair a chaitheann sé am léi ag an bpáirc.

  • 4:24PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 35

    Rambam-Cé

    Cailleann Rambamboo a cuimhne.

  • 4:35PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 6

    Cumhacht na hintinne

    Tá Zak cinnte go bhfuil cumhacht speisialta aige féin tar éis dó breathnú ar an gclár "An Saol Rúnda".

  • 4:47PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Eipeasóid 3

    Mire na hAithrise & Cóisir Tí na bPéisteanna

    Tá Spongebob ag aithris ar gach duine agus ní féidir le héinne é a stopadh. Bogann péisteanna isteach i bpoill Spongebob agus caithfidh sé iad a dhíbirt sula bhfeiceann éinne iad.

  • 5:10PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 2

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfaidh madra le curiarracht a bhaint amach ag imirt peile do mhadraí. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 22

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Gairdíní na Lus (OS & TS)

    Gairdíní na Lus (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Tagaimid ar ghairdín rúnda i gCo. Chill Mhantáin; Garraithe Náisiúnta na Lus i gCill Mhic Currach. Taispeánfaidh an garraíodóir Joan Rogers garraí glasraí orgánach Ghlas Naíon dúinn. Tá Kevin Kenny i gceannas ar chúramaí sa teach mór pailme nuair a thugann planda banana torthaí uaidh! Agus an fómhar linn is gearr go mbeidh na puimcíní réidh le n-ithe. Léireoidh ealaíontóirí óga a samhlaíocht i gcomórtas bliantúil maisithe na bpuimcíní. Cuirfidh an stiúrthóir Matthew Jebb dúshlán an-speisialta air féin... síolta dúchasacha na hÉireann ar fad a bhailiú.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 10

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 22

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 22

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 17, Eipeasóid 3

    Clár cúrsaí reatha seachtainiúil TG4. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

  • 8:00PM
    Ar Scoil Arís (OS & TS)

    Ar Scoil Arís (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Scoil Sailearna, Indreabhán

    I 1986 thug Máirtín Davy Ó Coisdealbha cuairt ar scoileanna náisiúnta ar fud Chonamara mar chuid den tsraith teilifíse 'Ar Scoil' a craoladh ar RTÉ. Labhair sé le gasúir scoile na háite faoi dhul ar scoil agus na nithe uilig a bhí rún acu a dhéanamh nuair a bheidís mór. Anois, tríocha bliain ina dhiaidh, tabharfaidh Máirtín Davy cuairt ar na scoileanna céanna sin arís, labhróidh sé le scoláirí an lae inniu chomh maith leis na hiar-scoláirí a chuir sé faoi agallamh tríocha bliain ó shin. An tseachtain seo tabharfaimid cuairt ar Scoil Sailearna in Indreabhán.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 41

    Féachann Berni cúrsaí a chur ina gceart idir í féin agus Briain ach ní mórán sásaimh a thugann se di. Tá plean ag Dee chun Mack agus Katy a choinneáil óna chéile ach an oibreoidh sé? Le súil is trioblóid a tharraingt idir Mo agus Colm cuireann Fiach ina luí ar Sonia an méid a tharla idir í féin agus Colm a insint do Mo. Céard a cheapfaidh Mo?

  • 9:00PM
    A Little Bit Showband

    A Little Bit ShowbandSraith 2, Eipeasóid 3

    Derek Dean

    Clár faisnéise faoi phríomhamhránaí conspóideach an bhanna 'The Freshmen', Derek Dean. Tabharfaidh Derek cuntas ar a shaol mar a chaith sé é i ré na seó-bhannaí - gur ól sé go leor agus gur mó suime a bhí aige i gcúrsaí gnéis ná i gcúrsaí ceoil.

  • 9:30PM
    Glór Tíre (OS & TS)

    Glór Tíre (OS & TS)Sraith 15, Eipeasóid 3

    Ciarán Rosney

    Sa tsraith nua de Ghlór Tíre beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. Is é Ciarán Rosney a bheidh ag casadh ar stáitse Ghlór Tíre agus is í Ailish McBride an t-iomaitheoir a bheidh ina chuideachta.

  • 10:30PM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Tit Punch

    Tá an t-aighneas atá idir Red agus Piper ag éirí níos measa. Tá cara nua ag Piper.

  • 11:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 41

    Féachann Berni cúrsaí a chur ina gceart idir í féin agus Briain ach ní mórán sásaimh a thugann se di. Tá plean ag Dee chun Mack agus Katy a choinneáil óna chéile ach an oibreoidh sé? Le súil is trioblóid a tharraingt idir Mo agus Colm cuireann Fiach ina luí ar Sonia an méid a tharla idir í féin agus Colm a insint do Mo. Céard a cheapfaidh Mo?

  • 0:00AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    It's Different for Girls

    Tá na gárthóirí molta ag fáil faoi réir don Chraobhchomórtas Clasaiceach. Cuirtear drochbhail ar Lyla nuair a fhaightear amach fúithi féin agus Riggins. Féachann an cóitseálaí Taylor le Matt agus Julie a choinneáil óna chéile. Filleann Jason ar an mbaile nuair a scaoiltear amach as an ionad athshlánúcháin é.

  • 0:52AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 22

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:55AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 18

    Teanga an Troisc

    Scéal faoi bheirt leanaí Ylva (9) agus Tobias (10) atá ag obair i dtionscail an troisc. In Osló atá cónaí ar Ylva ach go dtagann sí ar cuairt chuig a seanmhuintir chun na scileanna a bhaineann le teanga a ghearradh as troisc a fhoghlaim. Tá Tobias ag obair ar na dugaí ó bhí sé sé bliana d'aois agus fios a cheirde aige. Beidh Ylva anois aige mar phrintíseach. Scéal é seo faoi chairdeas agus an teacht aniar atá i ngasúir.

  • 2:00AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 22

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.