Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Déardaoin 13 Nollaig

  • 5:29AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 347

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 46

    An Chéad Lá Ar Scoil

    Tá gach duine ag ullmhú don chéad lá ar scoil. Tá Mofy ag dul ar scoil den chéad uair.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 47

    Cara Nua

    Tá Sora an cat tagtha chuig an bhforaois chun freastal ar an scoil agus tá Mofy chun aire mhaith a thabhairt di.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 3

    Lá na gCoileán

    Ar chlár an lae inniu, tabharfaidh Pip agus Streak aire do choileáin Barkley.

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 22

    Seó na nDuillí

    Glacann gach duine páirt i Seó na nDuillí agus ní bhíonn aon duine fanta sa lucht féachana go dtí go gcruthaíonn na hOlobobanna Sona Sásta.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 18

    Picnic gan trioblóid?

    Tá Buzz agus Snicker ag iarraidh achrann a tharraingt ag picnic ach ní raibh súil ar bith acu le Tom!

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 49

    Eachtra Mhór

    Ba mhaith le daideo mar is féidir maireachtáil sa bhfiántas a thaispeáint do na piscíní.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 50

    An Cluiche Ciúin

    Taispeánfaidh mamaí do na piscíní leis an gCluiche Ciúin a imirt.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 35

    Nach Glas iad na Béir Bhána

    Tagann dath glas ar cheann de na béir bhána! Tá smaoineamh ag Wissper! An mbeidh Wissper agus a cairde in ann béar bán a dhéanamh de Bharra arís?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 46

    Lá Phlimpáin

    Tá Lá Phlimpáin linn agus tá gach duine ar bís faoin gceiliúradh.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 47

    Spéaclaí Nua

    Tá náire ar Bertie a spéaclaí nua a chur air os comhair mhuintir an bhaile.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 22

    Roicéad sa Spéir

    Tá Dot agus a cuid cairde chun roicéad an duine a dhéanamh.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 12

    Stáisiún Teilifíse Furchester

    Bunaíonn Phoebe agus Elmo stáisiún teilifíse ionas nach gcaillfidh na lachain an clár is fearr leo.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 22

    An Gorméan

    Titeann meantán gorm anuas ar nead na seangán. Tá na seangáin sáinnithe sa nead in éineacht leis na feithidí eile ón móinéar.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 3

    Cá bhfuil sé?

    Rachaidh Bubu, Biel agus Bonie sa tóir ar ainmhithe a bhíonn i bhfolach sa bhforaois.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 18

    Scéal Scanrúil Faoi Scéalta Scanrúla

    Inseoidh Masha scéal scanrúil dúinn faoi scéalta scanrúla.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 44

    Buaiteoir den Scoth

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an féidir le duine a bheith sásta tar éis cluiche a chailleadh.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 50

    Díolann Zou Amach

    Cabhróidh Zou agus Daideo le hAintín Zelda agus le hUncail Zavier sa siopa ar chlár an lae inniu.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 32

    Lean an Liathróid Phreabach

    Leanann Cat an liathróid is fearr leis trí dheich ndomhan dhifriúla.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 98

    Caisleán an Ulchabháin

    Ar chlár an lae inniu beidh madra sa sneachta, cocaitíl ar aiste bia nua agus cat ag breathnú ar an gclár teilifíse nua is fearr leis.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Mr. Edwards' Homecoming

    Castar an tUasal Edwards agus é ar meisce ar Charles i Mankato. Socraíonn sé é a thabhairt abhaile go Walnut Grove leis. Chun é a chur ar bhóthar a leasa, faigheann Charles post dó i Muileann Hansen agus féachann Caroline len é a chur in éineacht leis an mbaintreach Grace Snider. Ach tagann a chuid fadhbanna pearsanta idir é agus an grá.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 9

    Ted Koppel's Big Night Out

    Sraith ghrinn drámaíochta. Faigheann Emily amach go bhfuil Luke agus Pennilyn ag bualadh lena chéile le haghaidh lóin le roinnt blianta anuas. Cuireann racht Emily isteach go mór ar Lorelai agus beartaíonn sí imeacht ó chóisir Emily le dul amach chun dinnéir le Jason. Cuireann Richard fear a bhí san ollscoil in éineacht leis, ollamh in Ollscoil Yale anois, in aithne do Paris. Baintear geit as Rory Paris agus an tOllamh a fheiceáil ag pógadh.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Massif Central and Auvergne - France

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Rachaidh Will go ceantar Massif Central agus Auvergne a bhfuil cáil orthu de bharr na sé cinn de cháiseanna AOC as an bhFrainc a dhéantar ansin. Déanfaidh Will comparáid idir trí cinn de na cáiseanna leathchrua a théann siar chomh fada leis an 12ú aois. Tabharfaidh sé cuairt freisin ar thollán iarnróid nach bhfuil in úsáid níos mó ach a bhfuil níos mó ná 3000 cáis á n-aibiú ann.

  • 12:15PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Stiofán Mac Donnchadha

    Stiofán Mac Donnchadha as Óstán Pháirc Mhionlaigh a bheidh ar ais sa chistin linn. Sailéad sú talún agus spionáiste, mairteoil agus muiríní le pesto ruacháin agus parfait sú craobh a chuirfidh sé chun boird.

  • 12:45PM
    Logainm (OS & TS)

    Logainm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 15

    Cúrsaí Taistil

    Sraith ina dtugtar léargas ar logainmneacha na hÉireann, staidéar a thugann chun solais go leor den saibhreas tíreolaíochta atá ar fáil iontu. Le cabhair ó shaineolaithe agus ó thuairiscí ó láithreacha ar fud na tíre, fiosróidh Breanndán Ó Beaglaoich na logainmneacha atá sa Ghaeilge. Logainmneacha a bhfuil baint acu le cúrsaí taistil a bheidh á bplé an tseachtain seo. Ar phainéal na seachtaine seo beidh Pádraig Ó Cearbhaill, taighdeoir ar an ábhar seo leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Isobel Ní Riain ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 4, Eipeasóid 7

    Election Night

    Lá an toghcháin atá ann agus tá pobalbhreith an gheata ar bun. Beidh tionchar ag torthaí California ar Sam. Castar Jack Ross, ceannasaí sa chabhlach a bheidh anois ag obair sa Teach Bán, ar Donna.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 25

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 51

    Sár-Ruby

    Níl áis éisteachta Ruby ag obair i gceart.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 45

    Beag agus Mór

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an fearr rudaí móra ná rudaí beaga.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 11

    Bia na Foraoise

    Faigheann na hulchabháin bheaga amach faoin mbia a itheann ainmhithe éagsúla.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Na Ciaróga

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh a gcuid brioscaí a choinneáil ó na gadaithe.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Teangacha

    Is breá le Cat líreacán reoite fraocháin - cé go mbíonn dath gorm ar a theanga ina dhiaidh!

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 52

    Éinín

    Tagann na hioraí talún ar éinín óg atá tite as crann. Tugann siad aire don éinín agus bíonn Alvin an-tógtha leis.

  • 4:13PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 26

    Smál SwaySway

    Tá spota ar éadan SwaySway.

  • 4:25PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 31

    An tIonadaí Ranga

    Tá sé in am ionadaí ranga a roghnú agus tá Aodán, Olivia agus Zak san iomaíocht.

  • 4:38PM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 35

    Níos Gaiste Airde Leisciúla

    Tá Kyle ag iarraidh bonn óir a bhaint amach ag na Cluichí Leisciúilimpeacha!

  • 4:49PM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 36

    Cráite ag Taibhse

    Déanann Kyle botún nuair a iarann sé cabhair ó thaibhse le díoltas a bhaint amach!

  • 5:00PM
    C.L.U.B. (OS & TS)

    C.L.U.B. (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Clár speisialta de C.L.U.B. ina gcaithfear súil siar ar an tsraith uilig agus ina dtaispeánfar na glugair a tharla le linn an taifeadta. Á chur i láthair ag John Sharpson.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 309

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Ar Scoil Arís (OS & TS)

    Ar Scoil Arís (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Scoil Cholmáin, Maínis

    I 1986 thug Máirtín Davy Ó Coisdealbha cuairt ar scoileanna náisiúnta ar fud Chonamara mar chuid den tsraith teilifíse 'Ar Scoil' a craoladh ar RTÉ. Labhair sé le gasúir scoile na háite faoi dhul ar scoil agus na nithe uilig a bhí rún acu a dhéanamh nuair a bheidís mór. Anois, tríocha bliain ina dhiaidh, tabharfaidh Máirtín Davy cuairt ar na scoileanna céanna sin arís, labhróidh sé le scoláirí an lae inniu chomh maith leis na hiar-scoláirí a chuir sé faoi agallamh tríocha bliain ó shin. I Scoil Cholmáin, Maínis a thosóidh sé a aistear.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 25

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 347

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 347

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Seal le Dáithí (OS & TS)

    Seal le Dáithí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Carmel Nic Airt

    Carmel Nic Airt nó "Mama Irlanda" mar a thugtar go minic uirthi, iar-phríomhoide agus ceannródaí daonnúil, a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé ar an gclár. As iarthar Chorcaí ó dhúchas, bhí Carmel ar dhuine de bhunaitheoirí Ghaelscoil Chloch na gCoillte agus ba í an chéad phríomhoide ar an scoil í. Tá tréimhse caite aici ag obair sa Ghréig ag tabhairt cúnaimh do theifigh a bhíonn ag teacht chun na hEorpa. D'éirigh le Carmel Eur20,000 a bhailiú ó mhuintir na hÉireann chun cabhrú le géarchéim na dteifeach sula ndeachaigh sí chun na Gréige den chéad uair.

  • 8:00PM
    Scéalta na nÓstán (OS & TS)

    Scéalta na nÓstán (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Baile Átha Cliath

    Sraith a thugann léargas ar ghné thábhachtach de stair shóisialta na hÉireann agus súil siar á caitheamh ar chuid de na hóstáin is mó atá luaite le stair na turasóireachta sa tír seo le seasca bliain. Tabharfaimid cuairt sa chlár seo ar Óstán Imperial Chorcaí, áit ar fhan daoine mar Charles Dickens agus Franz Liszt, Óstán an Metropole, áit ar fhan na réaltaí ó chéad Fhéile Scannán Chorcaí agus Óstán Ghuagán Barra, áit a bhfanann go leor turasóirí fós.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 30

    Tá Bobbi Lee fíorshásta faoin moladh mór atá an gheamaireacht a fháil agus ní ghlacann sí beag ná mór leis gur thug Niall cúnamh di. An mbeidh Niall maslaithe aige sin? Éiríonn le Sorcha Adam a thabhairt slán as gábh. An bhfaighidh Cóilí Jackie amach faoin méid a rinne Sorcha? Insíonn Frances d'Áine agus do Thadhg faoi na pleananna atá aici don Nollaig. An mbainfidh Tadhg an mhaith astu arís?

  • 9:00PM
    The Foster & Allen Show

    The Foster & Allen ShowSraith 3, Eipeasóid 8

    Sraith eile ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Casfaidh Mick agus Tony 'After All These Years', an t-amhrán is mó a bhíonn a lucht leanúna ag iarraidh orthu a chasadh, chomh maith le 'Sweet Sixteen'. Beidh físeán sa chlár seo freisin de dheartháir Tony, Tom Allen, nó TR Dallas mar is fearr aithne air.

  • 9:30PM
    Hector Ó Siberia go Saigon (OS & TS)

    Hector Ó Siberia go Saigon (OS & TS)Sraith 10, Eipeasóid 7

    Thailand to Cambodia

    Tá sé 18 mbliana ó bhí Hector i Bangkok cheana agus tá athrú mór ar an gcathair ó shin. Rachaidh sé i mbun cluichíochta, ag tumadóireacht sa chuan agus siúlfaidh sé sráideanna iomráiteacha na cathrach. Bíonn sé in am suaimhnis ansin agus tugann Hector aghaidh ar Tham Krabok, mar a bheadh clinic Betty Ford na Téalainne - mainistir do dhaoine le dul i ngleic le fadhbanna andúile agus a gcónaíonn siad mar a bheadh manaigh ann agus a n-ólann siad deoch donn gach lá a chuireann múisc orthu le hiad a ghlanadh. Bíonn sé in am ansin dul trasna go Siem Reap sa Chambóid.

  • 10:30PM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 15

    Leacacha Uisce na Patagóine

    Clár ina dtabharfar léargas ar na hoighearshruthanna i Patagonia. Tabharfaidh beirt oigheareolaithe agus grianghrafadóir a n-aghaidh ar chosán stairiúil ag taisteal ar mhuin capaill agus ag dul ar foscadh sna sléibhte. Tabharfaidh Lucas Ruiz agus Pierre Pitte léargas ar a gcuid torthaí eolaíochta maidir le hoighearshruthanna na hAirgintíne chomh maith le léargas a thabhairt ar thurgnaimh nuálacha a thugann deis dóibh dlúthstaidéar a dhéanamh ar na hoighearshruthanna agus lena fháil amach mar a bheidh cúrsaí sa todhchaí.

  • 11:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 347

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:35PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 30

    Tá Bobbi Lee fíorshásta faoin moladh mór atá an gheamaireacht a fháil agus ní ghlacann sí beag ná mór leis gur thug Niall cúnamh di. An mbeidh Niall maslaithe aige sin? Éiríonn le Sorcha Adam a thabhairt slán as gábh. An bhfaighidh Cóilí Jackie amach faoin méid a rinne Sorcha? Insíonn Frances d'Áine agus do Thadhg faoi na pleananna atá aici don Nollaig. An mbainfidh Tadhg an mhaith astu arís?

  • 0:05AM
    Scannán: Christmas in Canaan (TS)

    Scannán: Christmas in Canaan (TS)

    (2009, Scannán Teaghlaigh, Dráma) Billy Ray Cyrus, Tom Heaton agus Jaishon Fisher na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Neill Fearnley. Féachann baintreach fir leis an teannas ciníoch atá idir a mhac agus a chomhscoláire a mhaolú trí iallach a chur orthu am a chaitheamh in éineacht. I Canaan, Texas sna seascaidí atá an scannán lonnaithe.

  • 1:45AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 25

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 2:10AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 347

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.