Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 19 Samhain

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 323

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 9

    Lá Sona

    Beidh Lee agus Sioux ag tóraíocht dearcán sa bhforaois agus beidh cúnamh ag teastáil uathu ó Mofy.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 10

    Coinnigh Ort

    Níl aon ghiúmar ar Chiarán mar nár roghnaíodh a amhrán sa gcomórtas.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 11

    Lá na Báistí

    Tá an lá an-fhliuch. An mbeidh na hainmhithe ar fad tirim sa scioból?

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 4

    Figear Feaigear

    Caithfidh na hOlobobanna áit bhog a shocrú don Duine Mór le titim ann.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 52

    Lachain ar Cuairt

    Stopann cúpla lacha ar an bhfeirm agus iad ar a mbealach go dtí an domhan ó dheas ach ní bhíonn Whack ná Bach an-deas leo.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 11

    Dealbha Sneachta

    Cuireann na piscíní agus a gcairde isteach ar chomórtas dealbh sneachta.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 12

    Eachtra Spáis

    Tá na piscíní ag iarradh dul ar eachtra sa spás.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 17

    Am Codlata na mBéar

    Féachann Wissper le cúnamh a thabhairt do bhéar óg codladh ceart a dhéanamh.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 10

    An Bóithrín Caol

    Oíche Shamhna atá ann agus tá sé ráite ag an bhFeirmeoir Dan agus ag Jethro le Olly agus le Bazza gan dul an Bóithrín Caol mar go bhfuil taibhsí ann.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 11

    An Dealbh Nua

    Tá dealbh nua le nochtadh go poiblí ag an Méara ach rinne sí dearmad é a rá le daoine!

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 4

    Mo Phictiúr

    Tá Dot ag iarraidh bronntanas speisialta a thabhairt dá máthair.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 40

    Aibí agus Galánta

    Tá Funella ag iarraidh na torthaí atá ag fanacht san óstán a choinneáil sásta.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 4

    Turas Scoile

    Ní fada go dtéann cúrsaí ó smacht nuair a thugann Willy na beacha óga ar thuras scoile.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 11

    Bia na Foraoise

    Faigheann na hulchabháin bheaga amach faoin mbia a itheann ainmhithe éagsúla.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 26

    Scéal Scanrúil Faoi Chailín a Raibh Eagla Uirthi Roimh Gach Rud

    Inseoidh Masha scéal scanrúil faoi chailín a raibh faitíos uirthi roimh gach rud.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 74

    Zappa Corcra

    Tá bréagán nua ag Monty ach meas tú an mbeadh sé níos fearr é a choinneáil deas glan sa mbosca nó é a bhaint amach agus spraoi a bheith aige leis?

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 26

    Zou agus Bonn Chrógachta Dhaideó

    Tabharfaidh Zou cúnamh do Dhaideo a bhonn crógachta a aimsiú.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (OS & TS)

    Ár Scéal (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Cóilín an Coinín

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Cholmcille, An Tulach a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun éisteacht leis an scéal 'Cóilín an Coinín'. Baileoidh na daltaí boscaí folmha atá timpeall na scoile agus beidh an-spraoi acu ag déanamh a piñata féin. Líonann siad an piñata le milseáin áille agus beidh píosa spraoi acu nuair a chuirfear púicín ar Úna chun an piñata a bhriseadh! Éistfidh siad leis an scéal ansin.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 94

    Gadhar Neamháisiúil

    Beidh béar bán ag damhsa, firéad ag spraoi sa sneachta agus madra atá in amhras faoi shicín rubair atá ina leaba ar chlár an lae inniu.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 19

    A Promise to Keep

    Tá an tUasal Edwards ag ól arís agus caitheann a bhean amach as an teach é. Filleann sé ar Walnut Grove. Gortaítear Albert mar gheall air.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 3, Eipeasóid 13

    Dear Emily and Richard

    Sraith ghrinn drámaíochta. Cuimhníonn Lorelai ar an lá a rugadh Rory nuair a iarrann bean Christopher ar Rory fanacht in éineacht léi san ospidéal agus í i dtinneas clainne. Ní raibh Lorelai ach sé bliana déag nuair a fuair sí amach go raibh sí ag iompar clainne. Dhiúltaigh sí Christopher a phósadh agus d'fhág an baile ina diaidh lena linbhín.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 4

    Manchego, a dhéantar as bainne amh caorach i La Mancha sa Spáinn, a bheidh faoi chaibidil ag Will agus Ellie ar chlár an lae inniu. Tabharfaidh siad a n-aghaidh ansin ar shléibhte Picos de Europa, áit a bhfuil Cabrales, an cháis ghorm is mó le rá sa Spáinn, le fáil. Níl aon athrú tagtha ar an gcaoi a ndéantar an cháis seo leis na mílte bliain agus níl ach tuairim is dhá scór cáiseoir á déanamh i láthair na huaire. Rachaidh Will agus Ellie chuig uachtarlann baile ansin go bhfeicfidh siad mar a dhéantar í.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Pól Ó hÉannraich

    Pól Ó hÉannraich ón 'Bloom Brasserie' i mBaile Átha Cliath a bheidh sa chistin inniu. Diúilicíní, colmóir agus piorraí scallta a réiteoidh Pól inniu.

  • 12:45PM
    Seal le Dáithí (OS & TS)

    Seal le Dáithí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    John Spillane

    Is é John Spillane a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé ar chlár na seachtaine seo. Fuair Spillane post lánaimseartha i mbanc nuair a bhí sé ocht mbliana déag ach d'fhág sé an post ina dhiaidh tar éis dhá bhliain le bheith ina cheoltóir proifisiúnta lánaimseartha. Corcaíoch ó dhúchas, tá sé ar dhuine de na cumadóirí amhrán is aitheanta in Éirinn sa lá atá inniu ann chomh maith le bheith ina cheoltóir, cumadóir, scéalaí, file agus aislingeach.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 3, Eipeasóid 12

    100,000 Airplanes

    Le linn do lucht Bartlet a bheith ag obair ar óráid thábhachtach, iarrann sé orthu mír a chur ann ina ngeallann sé go gcuirfear deireadh le hailse laistigh de dheich mbliana. Cuireann Lisa Sherborne, bean a mbíodh Sam geallta léi tráth, Sam faoi agallamh. Tá suim ag Josh in Amy Gardiner, bean a bhíonn ag plé le cearta na mban agus féachann sé lena chur ina luí uirthi nach caidreamh ceart ar bith an caidreamh atá aici le Feisire Comdhála. Cuireann C.J as do Charlie nuair a ghoideann sé cóip d'óráid an Uachtaráin.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 7

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 30

    Féileacán

    Aimsíonn Scratch bolb sa ghairdín.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 75

    Faigh mícheart é lena fháil ceart

    Tá Monty trína chéile go ndearna sé botún nuair a bhí sé ag déanamh eitleán páipéir.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 16

    Mistéir sa bhForaois

    Tuigeann na hulchabháin bheaga go mbíonn ainmhithe áirithe ag déanamh aithrise ar ainmhithe eile.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 47

    Múiríní

    Níl an bláth a chuir Sailí dá máthair ag fás ar chor ar bith.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 48

    Ag Feadaíl

    Níl Sailí ná Nic in ann feadaíl.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 28

    Dónall Dána agus na Seanóirí

    Caitheann Dónall iarnóin le seanóirí agus baineann sé an-sult go deo as.

  • 4:13PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 29

    An Domhan De Réir Angelo

    Caithfidh Angelo, Sherwood agus Lola clár teilifíse dá gcuid féin a dhéanamh.

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 7

    Scriosúnach Damanta

    Tá a fhios ag Zak go díreach céard atá uaidh dá bhreithlá - an róbó is déanaí; An Scriosúnach Damanta.

  • 4:37PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    Galphunc Páirt 2

    Tá Harvey ar a dhícheall ag iarraidh a bhealach a dhéanamh abhaile chuig Cathair Ghalphunc tar éis do Moff é a dhíbirt.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 19

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 285

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 17, Eipeasóid 11

    Cara Lake

    Loch Cárthaí i gCo. Chiarraí is ábhar do phictiúr an lae inniu. Is breá le David a bheith ag iascach ar an loch seo.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 7

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 323

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 323

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    C.L.U.B. (OS & TS)

    C.L.U.B. (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Mícheál Breathnach

    CLG Mícheál Breathnach as Gaillimh a bheidh faoi chaibidil ar CLUB agus is í Ciana Ní Churraoin, imreoir liathróid láimhe, aoi speisialta na seachtaine seo.

  • 8:00PM
    GAA 2018

    GAA 2018Sraith 18, Eipeasóid 42

    Súil siar ar na cluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine, Craobhchomórtais AIB na gClubanna ina measc.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 11, Eipeasóid 3

    Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

  • 9:30PM
    Scannán: A Beautiful Mind (TS)

    Scannán: A Beautiful Mind (TS)

    (2001, Beathaisnéis, Dráma) Russell Crowe, Ed Harris agus Jennifer Connelly na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ron Howard. Téann an saol in aimhréidh do Josh Nash, sármhatamaiticeoir nach bhfuil mórán scileanna sóisialta aige, nuair a ghlacann sé le hobair rúnda cripteagrafaíochta.

  • 11:55PM
    Tabú (OS & TS)

    Tabú (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Bánú nó Slánú

    Sraith nua faisnéise a thabharfaidh léargas fíorspéisiúil ar Éirinn sa lá atá inniu ann. Ar chlár na seachtaine seo tabharfar léargas ar dhá shráidbhaile atá ag iarraidh teacht slán: Béal Átha Longfoirt agus Coillte Clochair. Tá baile amháin ag iarraidh cónaitheoirí nua a mhealladh chun cónaithe ann ach tá an ceann eile ag dul i léig. Céard is féidir a dhéanamh chun an taoide a chasadh ar mheath na tuaithe?

  • 0:55AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 323

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:57AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 5, Eipeasóid 9

    Gut Check

    Tá an cóitseálaí Taylor ag smaoineamh Vince a bhaint den fhoireann ar feadh tamaill. D'fhéadfaí go ndéanfaí ceathrúchúlaí de Luke anois agus tá an-imní air faoi sin. Tá scéal ag Mindy do Billy nach raibh súil ar bith aige leis. Faigheann Becky post nua.

  • 1:45AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 323

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.