Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 27 Bealtaine

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 147

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 52

    Mofy, Samhlaigh

    Caithfidh an rang pictiúr a tharraingt ach níl tuairim ag Mofy cá dtosóidh sí.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 1

    Éiclips

    Rachaidh Mofy agus a cairde ar bharr cnoic le breathnú ar an éiclips.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 6

    Seó na mBuanna

    Tá seó tallainne ar siúl i gClós na mBalún ach níl a fhios ag Pip céard a dhéanfaidh sé.

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 25

    Lá Breithe Gurdy

    Tugann na hOlobabanna cuireadh do gach duine chuig cóisir mhór Gurdy.

  • 7:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 35

    Buzz ina Laoch

    Tá Buzz ag ceapadh go bhfuil sé róbheag ach scaití is maith an rud a bheith beag.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 43

    Ficheall

    Tá Milseog ag iarraidh cluiche fichille a imirt - ach cé a imreoidh in éineacht leis?

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 44

    Traein na gCat

    Rachaidh na piscíní agus a gcuid cairde ar eachtra ar thraein.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 49

    Banna Máirseála

    Cuireann an rang banna máirseála le chéile ach bíonn a chuid trioblóidí féin ag baint leis. Tá Meepa ag streachailt leis na píoba agus tá na páistí eile in achrann lena chéile faoi cé a bheas i gceannas.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 13

    An Nollaig sa Zú

    Tá sé ag cur sneachta agus níl na trucailí in ann bia a thabhairt chuig na hainmhithe sa zú.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 14

    Ag Gléasadh Suas

    Tá Stan agus Olly ag iarraidh dul chuig cóisir bhréigéide ach tá culaith Stan ró-bheag aige!

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 38

    Cárta Poist

    Tá Dot ag iarraidh cárta poist speisialta a sheoladh chuig a Mamó.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 7

    Tósta le Meangadh Gháire

    Caithfidh Elmo a bheith an-chúramach leis an tósta ar maidin.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 25

    Na Dreoilíní

    Faigheann Maya amach go raibh Flip i mbanna ceoil tráth agus tugann sí le chéile arís iad le haghaidh ceolchoirme.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 6

    Lorg na gCos

    Féachfaidh Bubu, Biel agus Bonie leis an ainmhí a d'fhág lorg coise ina dhiaidh a aimsiú.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 23

    An Ceann Óg

    Aimsíonn Masha ubh a dtagann piongain aisti.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 12

    Cumhacht na mBláthanna

    Tá iontas ar Monty go bhfuil tóir ag gach duine ar bhláthanna.

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 45

    Bronntanas Lá Breithe Aintín Zelda

    Tabharfaidh Daideo agus Zou cúnamh do Zinnia bronntanas speisialta a dhéanamh d'Aintín Zelda.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 47

    Na Froganna Dána

    Rachaidh Úna ar cuairt chuig a cairde i Scoil Éinne sa Spidéal, i gCo. na Gaillimhe mar go bhfuil scéal ar leith acu di faoi fhroganna. Bíonn sí féin agus a cairde thar a bheith cruthaitheach sa rang ag déanamh a gcuid froganna féin sula dtabharfaidh siad cluas don scéal 'Na Froganna Dána'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 6

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Céard atá faighte i sceach ag Connie O'Neill i nDún Éideann?

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 5

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 22

    He Was Only Twelve (Part 2)

    Tá James i gcóma ó caitheadh é. Tá Charles ag guí go dtiocfaidh sé as.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Pecorino

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáis Pecorino a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo agus míneoidh Will Studd na cineálacha éagsúla atá ann. Rachaidh sé ar cuairt chuig déirí 'Il Forteto' sa Tuscáin agus as sin go dtí baile Bra i Piedmont áit a mbíonn an fhéile cáise speisialtóra is mó ar domhan ar siúl gach dara bliain. Is cáiseanna traidisiúnta aoirí cáiseanna speisialtóra na bliana seo. Réiteofar Pesto Pecorino agus Gnocchi Pecorino agus Gallchnónna.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS)

    Dúiche (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Irischlár á chur i láthair ag Síle Nic Chonaonaigh. Tabharfaidh Síle cuairt ar Choláiste Náisiúnta Mara na hÉireann agus tugann faoin traenáil a chaitheann lucht mara sa tír seo tabhairt faoi. Casfaidh sí le beirt fhiontraithe aclaíochta a bhfuil baile amháin i gCiarraí curtha ag rith san oíche acu. Déanfaidh an ceoltóir óg Máirín-Rua Ní Aodha cur síos ar an tóir atá aici féin ar fhéile na gruaige rua. Agus cuirfidh muid eolas ar mar atá OÉ, Gaillimh ag digitiú seanchláir, póstaeir agus cartlann stairiúil Amharclann na Mainistreach.

  • 12:45PM
    Fomhuireáin agus Fearaibh Uaisle (OS)

    Fomhuireáin agus Fearaibh Uaisle (OS)Sraith 16, Eipeasóid 6

    Fomhuireáin agus Fearaibh Uaisle

    Scéal faoi eachtra uasal i dtréimhse fhoréigneach. I dtús an Dara Cogadh Domhanda, scaoil Werner Lott, captaen an U35 i gcabhlach na Gearmáine, toirpéid le lastlong Ghréigeach, siar ó dheas de Chorn na Breataine agus chuir go grinneall í. Ach ghlac sé trua do chriú na loinge a bhí scriosta aige agus tháinig an Gearmánach i dtarrtháil orthu, thug leis iad ar bord an U35. Thug sé i dtír iad i gCuan Fionntrá ar chósta theas Chorca Dhuibhne. 70 bliain ina dhiaidh sin a eagraíodh ócáid chomórtha i bhFionntrá le deis a thabhairt do ghaolta na ndaoine a tháinig slán a mbuíochas a ghlacadh.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    Mandatory Minimums

    Tá sé socraithe ag rialtas Bartlet níos mó deiseanna a thapú. Tugann siad aghaidh ar an mbeartas i gcoinne drugaí. Fógraíonn an tUachtarán an bheirt atá ainmnithe aige don Choimisiún Toghcháin. Tá na hiarrthóirí atá roghnaithe ag an Uachtarán go mór i bhfabhar an córas airgeadais a leasú - beartas nach bhfuil aon luí ag ceannairí na bpáirtithe eile leis. Lorgaíonn Toby comhairle óna iar-bhean chéile.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 5

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 23

    Róisín ar Naomhóg

    Tabharfaidh Róisín faoi rámhaíocht i naomhóg i dteannta Eddie inniu. Taispeánfaidh sé di a mbeidh ag teastáil uaithi sula dtéann siad ar farraige - seaicéad tarrthála, miotóga agus dolaí. Múinfidh Eddie scileanna rámhaíochta di chomh maith le pota gliomaigh a tharraingt. Bíonn an-lá ag Róisín.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 41

    Torthaí Ugli

    Ceannaíonn Mamó torthaí neamhghnácha nach mbíonn mórán fonn ar Monty ná ar Stan iad a bhlaiseadh.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 26

    Cara Mór na Foraoise

    Déanann na hulchabháin ceiliúradh ar Lá na gCrann.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 7

    Lá agus Oíche

    Tabharfaidh Áine an spásaire cúnamh do Nic agus do Shailí tuiscint níos fearr a fháil ar an lá agus an oíche.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Ró-the le Súgradh

    Tá sé ró-the le bheith ag spraoi taobh amuigh. An mbeidh an Cat in ann cúnamh a thabhairt do Nic agus Sailí?

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 27

    Cá bhfuil do Bhéasa?

    Caithfidh Alvin cúrsa ar bhéasa a dhéanamh sula mbeidh sé in ann casadh leis an mbanphrionsa Cáit.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 34

    Dónall Dána & Ré Nua Pheigí

    Tá Peigí ag iarraidh ré nua!

  • 4:24PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 17

    Agus Anois?

    Céard a dhéanfaidh Angelo anois? Níl aon suim aige i mbréagáin níos mó.

  • 4:35PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 24

    Óstán Galánta & Cá Bhfuil Harvey?

    Tá Harvey ar bís go bhfuil sé ag fanacht in óstán den chéad uair lena mhuintir. Bíonn go leor rudaí spraíúla le déanamh san óstán ach tá a chuid tuismitheoirí ró-ghnóthach le dul ag spraoi. Níl a fhios ag aon duine cá bhfuil Harvey imithe agus airíonn a chuid cairde uathu go mór é. Níl a fhios acu beo céard a dhéanfaidh siad dá uireasa.

  • 5:00PM
    Is Eolaí Mé (GS)

    Is Eolaí Mé (GS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    Bia/Plandaí

    Bia agus plandaí agus an tábhacht atá leo is ábhar do chlár an lae inniu. Tástálfaidh Peadar céard go díreach atá ag teastáil ó phlandaí chun go mairfidh siad agus míneoidh sé céard go díreach é fótaisintéis. Tabharfaidh Aedín agus Abby Ní Mháille cuairt ar Pheadar sa stiúideo agus fiosróidh siad cén chaoi chun saill agus próitéin a thástáil i mbia. Beidh Úna agus a cairde ag garraíodóireacht i nGairdín Bhríde.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 147

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 18, Eipeasóid 13

    Typical Irish Scene

    Sraith le David Willis. Radharc de chapaill á dtabhairt chuig an gcrúdóir le crúite a chur orthu sna 1940idí is ábhar do phéintéireacht an lae inniu.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Red Light On The Wedding Night

    Sraith ghrinn drámaíochta. Téann cóisir cearc Lorelai ó smacht a bhuíochas do Sookie. Glaonn Lorelai ar Christopher, athair Rory, agus tuigeann sí láithreach nach é Max an fear atá uaithi beag ná mór.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 147

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 147

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Tithe na Tomatoes (OS)

    Tithe na Tomatoes (OS)Sraith 17, Eipeasóid 1

    Tithe na Tomatoes

    Scéal faoi thogra ceannródúil Rialtais a d'fhéach le hioncam breise a sholáthar d'fheirmeoirí Gaeltachta tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Sa mbliain 1947 bhunaigh an Rialtas scéim faoinar tugadh spreagadh d'fheirmeoirí i nGaeltachtaí na Gaillimhe agus Dhún na nGall, tithe gloine a thógáil agus trátaí a chur ag fás iontu. Tógadh 100 teach gloine i gceantair Ghaeltachta. Tugadh oiliúint do dhaoine i gcur agus i gcothú na bplandaí agus cinntíodh margadh don toradh nuair a bhí sí aibí. D'éirigh go maith leis an scéim go dtí go ndearna Hairicín Debbie i 1961 scrios ar go leor de na tithe gloine.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 18

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 12, Eipeasóid 2

    Rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Jimmy Buckley, Mick Flavin, John McNicholl, Patrick Feeney, Shawn Cuddy, Lee Matthews, Sandy Kelly agus Justin McGurk.

  • 9:30PM
    Scannán: Locke (TS)

    Scannán: Locke (TS)

    (2013, Dráma) Tom Hardy, Olivia Colman agus Ruth Wilson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Steven Knight. Fear teaghlaigh agus bainisteoir tógála a bhfuil ag éirí go maith leis é Ivan Locke. Ach cuirtear a shaol bunoscionn nuair a fhaigheann sé glaoch gutháin.

  • 11:00PM
    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)

    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Gary McCrea

    Sraith ina gcaitear súil ar chásanna dúnmharaithe in Éirinn inar mharaigh an fear a chéile nó a leannán. In Eanáir na bliana 2004 tuairiscíodh Dolores McCrea as Co. Dhún na nGall a bheith ar iarraidh tar éis di cuairt a thabhairt ar a fear céile, Gary, óna raibh sí scartha. Nuair a chuardaigh na Gardaí feirm Gary McCrea tháinig siad ar thine mhór agus ar iarsmaí coirp agus nithe eile ann. Gabhadh agus cúisíodh Gary McCrea. Le linn a thrialach i ndúnmharú Dolores tugadh fianaise gur thug sé drochíde di féin agus dá n-iníon fad a bhí siad le chéile.

  • 11:30PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    Bale / Casillas / Lewandowski / Solo

    Gareth Bale, fear na Breataine Bige, a bhí ar an bpeileadóir ba dhaoire ar domhan tráth, a bheidh faoi chaibidil ar an gclár chomh maith le Iker Casillas a bhí ina chaptaen ar fhoireann Chorn an Domhain na Spáinne. Tráchtfar chomh maith ar an dúil mhór atá ag Robert Lewandowski a bheith ag scóráil cúl. Déanfar cur síos chomh maith ar Hope Solo as Meiriceá, an duine is mó aithne i gcúrsaí sacair na mban.

  • 0:00AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 147

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:02AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 3, Eipeasóid 9

    Game of the Week

    Ní maith le Lila é nuair a chuireann Tim an coinne a bhí aige le lucht coláiste ar ceal. Tá Tim le ceangal lena dheartháir faoin drochbhail a chuir sé ar a thrucail. Ní maith le Tyra an chaoi a bhfuil Cash agus iad ar bóthar in éineacht.

  • 0:55AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 147

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.