Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 14 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 287

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 18

    Picnic gan trioblóid?

    Tá Buzz agus Snicker ag iarraidh achrann a tharraingt ag picnic ach ní raibh súil ar bith acu le Tom!

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 44

    Capall i Sáinn

    Tugann Cormac cuairt ar na míorchait le síob a thabhairt dóibh ach ní fada go dtéann sé i bhfostú i dtollán. An mbeidh Wissper agus na míorchait in ann é a thabhairt as?

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 44

    Níl Hata Mar Sin ag Aon Duine

    Caithfidh Elmo hata nua a fháil.

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 31

    Olly an Draíodóir

    Is é lá breithe Eoinín é agus tá sé ar bís mar go mbeidh draíodóir ag a chóisir. Ach nuair a fhaigheann Alice glaoch le rá nach féidir leis a bheith ann, caithfidh Olly agus Stan seó a chur le chéile ag an nóiméad deiridh.

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 5

    An Sleamhnán Daite

    Is fada le Bubu, Biel agus Bonie go stopfaidh an bháisteach nó go bhfeiceann siad bogha ceatha.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 11

    Boladh Álainn

    Tugann Mama Tiny, Buddy agus Don chuig Linn Qianzhousaurus, áit a gcasann siad le tyrannosaur a bhfuil go leor adharca beaga ar a shrón.

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 31

    Ógópógó

    Tá iasc órga Nev agus Dev tar éis bháis.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 31

    Uncail Muifín

    Tugann Uncail Muifín cuairt ar na piscíní.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 31

    Salann na Mara

    Is iomaí ceist a thagann chun cinn nuair a fheiceann Luna, Jupiter agus Clyde éisc sáile in uisceadán sa siopa peataí - cén fáth a bhfuil salann in uisce sáile? An duine a chuireann ann é?? Beidh freagraí na gceisteanna seo á lorg acu inniu.

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 13

    Labhair Amach a Gekko

    Tá glór Gekko goidte ag Romeo ach níl sé ag cur isteach ná amach ar Gekko.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 31

    Glas-Lustáin

    Ní bheidh cead ag Florrie dul ag eitilt le Zoom Zoom mura dtabharfaidh sí cabhair do Ferdinand ar dtús.

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 31

    Monty Aislingeach

    Tá Monty ag ceapadh go bhfuil brionglóidí fíor-úsáideach le fadhbanna a réiteach ach ní aontaíonn aon duine sa teach leis.

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 46

    Creachadóirí an Áirse Caillte

    Rachaidh Peg agus Cat ar eachtra mhór inniu sa tóir ar an áirse chaillte.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Róisín ag Bailiú Uibheacha

    Tabharfaidh Róisín uibheacha ó na cearca le cur i bpancóga. Taispeánfaidh a cara Áine na nithe ar fad a theastóidh uathu inniu - spúnóg adhmaid, friochtán agus buicéad. Bíonn an-spraoi acu sa chistin ag déanamh pancóg, á gcaitheamh san aer agus á maisiú.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 6, Eipeasóid 12

    Sraith ina dtugtar léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Cuirtear fios ar chigire chuig Obar Dheathain mar go gceaptar go bhfuil neamhaird á déanamh ar mhadraí ann. Ceaptar go bhfuil suas le trí mhadra i mbaol.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 8

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 6, Eipeasóid 5

    Annabelle

    Castar a dheirfiúr ar Nels nuair a thagann sorcas chuig an mbaile.

  • 11:50AM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

  • 12:05PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    Beidh Vivian sa tóir ar chainneann fiáin ar an gclár inniu. Is é an príomhchomhábhar é i mórdhinnéar atá sí a réiteach - déanann sí iad a ghríoscadh, a phicil agus a shótáil.

  • 12:35PM
    Bia 's Bóthar (OS)

    Bia 's Bóthar (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Rachaidh an cócaire Éamonn Ó Catháin go dtí an Bhoirinn agus tabharfaidh cuairt ar ghnó onnmhairithe gliomach. Déanfaidh sé cáis as bainne gabhair agus tabharfaidh sé cuairt ar bhialann ar an Leacht chomh maith.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 21

    Armed Response

    Fad a bhíonn Jessica san ospidéal maraítear dochtúir ann.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 8

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 16

    Ceathrar Ceolmhar

    Féachann Masha le seanbhanna ceoil Bhéir a thabhairt ar ais le chéile.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 22

    Gekko agus Cairrín Gheiceo ar iarraidh

    Níl Gekko ag tabhairt mórán aire dá chuid rudaí.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 71

    Lasairéan Bailithe Amú

    Tugann Cat Cliste agus a chairde cúnamh do lasairéan atá amú agus atá ag iarraidh dul abhaile.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 34

    Peata don Phrionsa

    Rachaidh Úna chuig a cairde i Scoil Éinne sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe áit a bhfuil scéal acu di faoi phrionsa. Is breá le hÚna scéalta faoin lucht ríoga agus bíonn neart spraoi aici sa rang lena cairde. Ach cén peata a roghnaigh an prionsa? Éistfidh Úna go cúramach nuair a léifidh Ella an scéal 'Peata don Phrionsa'.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 45

    Ríona ag an Naíonra

    Ríona ag an Naíonra: Beidh an-lá ag Ríona ag tabhairt cuairt ar naíonra. Cuirfidh Tina agus na páistí fáilte roimpi agus bainfidh sí taitneamh as a bheith ag spraoi leo. Inseoidh Ríona scéal dá cairde nua, scéal a thaitneoidh le gach duine.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 21

    Neamhspleáchas

    Tá na chipmunks tinn tuirseach d'orduithe a ghlacadh ó Dháithí, mar sin socraíonn siad bogadh as an teach agus dul chun cónaithe sa ghairdín.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 21

    Tá Dónall Dána Freagrach

    Tá milleán ar Dhónall faoi a bheith ag úsáid táibléad an tí.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 1

    Lá Iontach le Cailín

    Caitheann Clarence lá an-deas le comharsa leis darb ainm Amy. Téann siad ag lorg bollán corr sa pháirc.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 11, Eipeasóid 21

    Glaoigh Ar Na Gardaí

    Cuirtear Planctón sa bpríosún agus an t-oideas rúnda an fhianaise. Beartaíonn Spongebob agus Mr Krabs é a fháil ar ais.

  • 5:05PM
    WAC (OS)

    WAC (OS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Funniest

    Rachaidh Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe sa tóir ar na hainmhithe is greannmhaire agus is cumasaí ar domhan.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 287

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 19, Eipeasóid 3

    Lackase Bridge Donegal

    Sa bhliain 1750 a tógadh Droichead Leacaigh, Dún na nGall gar do Chraoslach, ar chostas £207.16. An droichead aon-áirse seo is ábhar do phéintéireacht an lae inniu.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 4

    Always a God Mother, Never a God

    Sraith ghrinn drámaíochta. Airíonn Lorelai Rory uaithi go mór ach nuair a fhéachann sí le glaoch uirthi, faigheann sí amach go bhfuil guthán Rory as feidhm. Iarrann Sookie ar Lorelai agus ar Rory a bheith ina gcarais Chríost ag a beirt pháistí. Ach bíonn sé ina raic nuair a chastar Lorelai agus Rory ar a chéile agus nuair a thuigeann Lorelai gur thug Rory a huimhir nua do Sookie agus nár thug sí di féin í. Téann Logan agus Rory go Nua-Eabhrac don deireadh seachtaine.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 287

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 287

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 1

    Eileen Dunne

    Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas faoi imeachtaí a thit amach in Éirinn an lá ar saolaíodh iad. Scrúdóidh an té sin na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é agus roghnóidh trí scéal le fiosrú. Rachaidh an t-aoi ar aistear ar thóir breis eolais faoi na scéalta agus chun cainte le daoine a thabharfaidh léargas breise dó orthu. Fiosróidh an léitheoir nuachta, Eileen Dunne, na mórscéalta a bhí i mbéal an phobail an lá a rugadh í, i 1958. Á cur i láthair ag Harry McGee.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 37

    Buaicphointí bhabhtaí éagsúla de Chraobhchomórtais Iomána agus Peile na gClubanna a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 9:00PM
    Glór Tíre Togha & Rogha (OS & TS)

    Glór Tíre Togha & Rogha (OS & TS)Sraith 14, Eipeasóid 2

    An ceathrú sraith déag de Ghlór Tíre le togha agus rogha an cheoil. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Johnny Brady, Patrick Feeney, Mike Denver, Shawn Cuddy, The Sheerin Family & Cliona Hagan.

  • 9:30PM
    Scannán: Good People (TS)

    Scannán: Good People (TS)

    (2014, Scannán Scéinséir) James Franco, Kate Hudson agus Tom Wilkinson na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Henrik Ruben Genz. Tagann cúpla atá i bhfiacha ar lab airgid in árasán a bhí ligthe ar cíos acu le fear atá tar éis bháis agus beartaíonn siad é a choinneáil. Ach ní fada go mbíonn an té a ghoid an t-airgead ar dtús ina ndiaidh.

  • 11:05PM
    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)

    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    DPP Vs Derrick Daly

    Sraith ina gcaitear súil ar chásanna dúnmharaithe in Éirinn inar mharaigh fear a chéile nó a leannán. Triail Derrick Daly, a dhúnmharaigh Catherine Smart sa bhliain 2010 i gCo. Chorcaí, is ábhar don chlár seo. Fuarthas corp Catherine Smart ina teach cónaithe i Mainistir na Corran sa bhliain 2010. Breis is mí ina dhiaidh sin, gabhadh Derrick Daly agus cuireadh ar a thriail é maidir lena dúnmharú. Ocht mí dhéag a bhí Daly ina chónaí in éineacht le Catherine sular mharaigh sé í.

  • 11:33PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 287

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:35PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    The Short List

    Bíonn Bartlet ar tí duine a ainmniú don Chúirt Uachtarach nuair a smaoiníonn sé ar dhuine eile a bheadh in ann ag an bpost. Cuirtear i leith roinnt den fhoireann go bhfuil siad ag tógáil drugaí.

  • 0:30AM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Pelé / Gianluigi Buffon / Alfredo Di Stéfano 

    Triúr imreoirí sacair mór le rá a bheidh faoi chaibidil sa dara clár - is iad sin Pelé na Brasaíle, an peileadóir ab fhearr riamh b'fhéidir, Gianluigi Buffon, cúl báire as an Iodáil a bhí i mbarr réime ar feadh scór bliain agus rí Real Madrid, Alfredo Di Stéfano.

  • 1:00AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 287

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.