Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 16 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 259

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 50

    Ubh Mhistéireach

    Péinteálann Matt cathaoir do Fi agus téann sa tóir ansin ar rudaí eile le péinteáil. Tá Tom ag tabhairt aire d'ubh mhistéireach.

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 24

    Ostrais Amú

    Iarrann Risteard cúnamh ar Wissper nuair nach mbíonn sé in ann teacht ar a dheirfiúrín beag.

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 24

    An tUasal Lomaire

    Bíonn sé ina réabadh nuair a thosaíonn gabhar ag ithe an óstáin.

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 11

    An Dealbh Nua

    Tá dealbh nua le nochtadh go poiblí ag an Méara ach rinne sí dearmad é a rá le daoine!

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 11

    Bia na Foraoise

    Faigheann na hulchabháin bheaga amach faoin mbia a itheann ainmhithe éagsúla.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 11

    Boladh Álainn

    Tugann Mama Tiny, Buddy agus Don chuig Linn Qianzhousaurus, áit a gcasann siad le tyrannosaur a bhfuil go leor adharca beaga ar a shrón.

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 11

    Lá Sneachta

    Tá Dot ag súil go mór leis an sneachta.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 11

    Dealbha Sneachta

    Cuireann na piscíní agus a gcairde isteach ar chomórtas dealbh sneachta.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 11

    I súile Clyde

    Tugann Luna, Jupiter & Clyde cuairt ar an Dochtúir Nan. Tosaíonn siad ag smaoineamh faoin gcaoi a bhfeiceann Clyde agus ainmhithe eile nithe. An mar a chéile a bhíonn nithe á fheiceáil d'ainmhithe agus do dhaoine? Déanfaidh ár gcairde firéid díobh féin inniu go bhfeicfidh siad!

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 45

    Owlette agus Lus na Gealaí

    Níl Owlette sásta glacadh le comhairle a cairde.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 11

    Banríon Aon Lae

    Tá Florrie ag iarraidh a bheith ina banríon ar feadh lae ach ní gach duine a bhaineann spraoi as an gcluiche.

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 11

    Stocaí mar a chéile

    Níl Monty in ann teacht ar phéire stocaí atá ag meaitseáil. Cén fáth a gcaithfidh rudaí a bheith ag meaitseáil ar aon nós?

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 26

    Eachtraí Eid Al-Adha

    Déanann Peg agus Cat féile Eid al-Adha a cheiliúradh in éineacht lena gcairde agus iarrtar ar Chat níos mó ná mar a bhí súil aige leis a roinnt.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Róisín ag Bailiú Sméara Dubha

    Rachaidh Róisín ag piocadh sméara dubha in éineacht le Sibéal le cur i gcíste. Taispeánfaidh Sibéal di a mbeidh ag teastáil uaithi sula dtosóidh siad - babhlaí, lámhainní oighinn agus naprún. Tabharfaidh siad a n-aghaidh ar an gcistin nuair a bheidh na sméara dubha pioctha agus leanfaidh siad an t-oideas chun an císte a dhéanamh. Bíonn siad an-sásta leis an toradh.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 6

    Sraith ina dtugtar léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Buailfimid le bean atá ag iarraidh monatóireacht a dhéanamh ar na madraí atá san ionad faoi láthair lena fháil amach an maolaíonn ceol strus sna madraí.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 18

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 9

    The Wedding

    Socraíonn Adam agus Mary pósadh ach bíonn cos ann agus cos as ag Mary. Tá imní uirthi má bhíonn gasúir acu nach mbeidh siad in ann aire a thabhairt dóibh ó tharla an bheirt acu féin a bheith caoch.

  • 11:50AM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sraith a dhéanann ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

  • 12:05PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Tá Vivian le lón a ullmhú i gcomhpháirt le Southern Foodways Alliance. Beidh lucht bia ó cheann ceann na tíre i láthair le foghlaim faoi bhia beárbaiciú & tá sé i gceist aici an ceapaire trátaí is blasta dár ith siad riamh a chur chun boird.

  • 12:35PM
    Cósta Uí Chatháin (OS)

    Cósta Uí Chatháin (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Loch Cairlinn

    Rachaidh an cócaire as Béal Feirste, Éamonn Ó Catháin, timpeall chósta Thuaisceart Éireann i dteannta Dharach Uí Thuairisg ar bord bád 40 troigh ar fhad. Is i Loch Cairlinn a bheidh Éamonn inniu áit a mbuailfidh sé le Sir John Hall i gCaisleán Chaol Uisce.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    The Murder of Sherlock Holmes

    Téann Jessica Fletcher, iarmhúinteoir Béarla, go Nua-Eabhrac le ceiliúradh a dhéanamh ar chomh maith is a d'éirigh lena chéad leabhar. Nuair a dhúnmharaítear duine de na haíonna ag cóisir bhréigéide, b'fhearr léi a bheith fós sa bhaile.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 18

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 1

    Níl sé éasca teacht abhaile

    Tá an béar uaigneach i ndiaidh Masha ach ní fada go mbíonn sí ar ais i ndiaidh di trioblóid a tharraingt ar an traein.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 1

    Blame it on the train Owlette!

    Féachann na laochra le stop a chur le Romeo agus a thraein thrioblóideach.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 51

    I Measc na nÚll

    Féachann Hal lena fháil amach mar a fhásann úlla ar na crainn.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    James ar Strae

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Bhriocáin i Ros Muc, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun scéal faoi thaibhse a chuaigh ar strae a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh taibhsí dá gcuid féin sula n-inseoidh siad an scéal 'James ar Strae' di.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Ríona leis Na Gasóga

    Caithfidh Ríona an lá leis na Gasóga ar an Trá Bháin agus buailfidh sí leis an gceannaire Noranne a thaispeánfaidh di a mbeidh ag teastáil uaithi - geansaí, scairf agus miotóga. Casfaidh sí leis na gasóga ansin atá ar tí bruscar a phiocadh suas ar an trá agus gheobhaidh siad mála agus miotóga sula dtosóidh siad ag glanadh. Beidh neart ceisteanna ag Ríona faoin mbruscar uile ar an trá agus faoi ghníomhaíochtaí na nGasóg.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn!!! agus na Chipmunks

    Alvinnn!!! agus na ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 1

    An Bodach Trodach

    Tá Alvin ag ceapadh go bhfuil sé thar cionn ag karate agus tá sé ag súil go mór le dul ag troid sa gComórtas Náisiúnta in aghaidh Chiaráin Mhic Tréan.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 1

    Dónall Dána agus an Greannán Gránna

    Ní mó ná sásta a bhíonn Dónall nuair a dhiúltaíonn Mam a ghreannán a thabhairt dó.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 1

    Lá Iontach le Cailín

    Caitheann Clarence lá an-deas le comharsa leis darb ainm Amy. Téann siad ag lorg bollán corr sa pháirc.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 11, Eipeasóid 1

    PLUAISBOB

    Tá PluaisBob tagtha chuig Bikini Bottom agus tarlaíonn sé trioblóid ar fud na háite.

  • 5:05PM
    WAC (OS)

    WAC (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Scariest

    Tugann Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe faoi na foraoisí, na dufairí agus na coillte dorcha chun na hainmhithe is scanrúla agus is taibhsiúla ar domhan a fheiceáil.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 259

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 18, Eipeasóid 12

    P.S. PACIFIC

    Sraith le David Willis. An long, an P.S. Pacific, de chuid Chuideachta Loingseoireachta na Gaillimhe is ábhar do phéintéireacht an lae inniu. Bhí sí ar an long ba thapa idir 1861 agus 1863. D'iompair sí daoine a bhí ag dul ar imirce tar éis an Ghorta Mhóir in Éirinn.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 5, Eipeasóid 6

    Norman Mailer, I'm Pregnant

    Sookie an-sásta ar dtús go dtugann an t-údar Norman Mailer agus an t-iriseoir Josh Davies cuairt go rialta ar an óstán. Ach is gearr é mar nach mbíonn Mailer sásta aon bhia a ordú. Faigheann Rory amach go bhfuil cumann rúnda in Ollscoil Yale agus go bhfuil baint ag Logan leis. Tá bean Christopher imithe uaidh agus iarrann sé cúnamh ar Lorelai aire a thabhairt don pháiste. Faigheann Sookie amach go bhfuil sí ag iompar clainne.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 259

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 259

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Ciarán Kilkenny

    Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas faoi imeachtaí a thit amach in Éirinn an lá ar saolaíodh iad. Scrúdóidh an té sin na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é agus roghnóidh trí scéal le fiosrú. Rachaidh an t-aoi ar aistear ar thóir breis eolais faoi na scéalta agus chun cainte le daoine a thabharfaidh léargas breise dó orthu. Fiosróidh an peileadóir Ciarán Kilkenny trí scéal iontacha as na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 33

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine - Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas Pheil na mBan TG4 ina measc. Áth Cliath v Gaillimh i gCluiche Ceannais na Sinsear, an Mhí v Tiobraid Árainn sa Chluiche Ceannais Idirmheánach agus Fear Manach v an Lú i gCluiche Ceannais na Sóisear TG4.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 11, Eipeasóid 4

    Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

  • 9:30PM
    Scannán: Steve Jobs (TS)

    Scannán: Steve Jobs (TS)

    (2015, Dráma beathaisnéise) Is iad Michael Fassbender, Kate Winslet, Seth Rogen agus Jeff Daniels na príomhaisteoirí sa scannán faoi stiúir Danny Boyle. Scannán faoi Steve Jobs, an fear féin, agus mar a chuir sé dlús leis an Réabhlóid Dhigiteach. Tá an scannán bunaithe ar thrí mhórsheoladh ar tháirgí digiteacha Jobs, an ceann deiridh i 1998 nuair a seoladh an iMac.

  • 11:45PM
    Racht (OS & TS)

    Racht (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Dr Adams

    Sraith 6 chlár a scrúdóidh dúnmharuithe ón am atá caite féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. In Eastbourne Shasana sa mbliain 1957 cuireadh an Dr Adams, as Aontroim ó dhúchas, ar a thriail faoi bhás othar leis. Thug a chuid comharsan faoi deara gur mhinic eisean ainmnithe in uachtaí a chuid othar rud a spreag amhras faoin aire a thug sé dóibh.

  • 0:13AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 259

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:15AM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sraith drámaíochta faoi shaol na polaitíochta sa Teach Bán i Meiriceá. Tagann baill shinsearacha an Tí Bháin le chéile san oifig an-luath ar maidin chun cúrsaí atá thar a bheith casta a phlé; tá na céadta de mhuintir Chúba ar an mbealach trasna an Atlantaigh agus iad ag lorg saoirse; agus tá a rúitín leonta ag Uachtarán na Stát Aontaithe, Josiah Bartlet. Faigheann Sam amach gur striapach í Laurie, an mac léinn dlí ar chaith sé an oíche léi. Tá Madeline "Mandy" Hampton ag dul in éineacht le seanadóir a bhfuil sé ar intinn aige seasamh i dtoghchán na huachtaránachta.

  • 1:10AM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 29

    Rory McIlroy / Jordan Spieth / Lydia Ko / Ernie Els

    Ceathrar sárlaochra gailf a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo - Rory McIlroy, laoch Thuaisceart Éireann, Jordan Spieth, sár-réalta óg Mheiriceá, Lydia Ko na Nua-Shéalainne agus Ernie Els na hAfraice Theas.

  • 1:45AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 259

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.