Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 15 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 258

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 7:02AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 7

    Von Bolt Gan Boltaí

    Foghlaimeoidh ár gcairde sa tsaotharlann faoi chóimhiotail agus creimeadh.

  • 7:14AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 8

    Zombaithe Milse

    Foghlaimeoidh ár gcairde sa tsaotharlann faoi víris agus vacsaíniú.

  • 7:26AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 21

    Droch-Lá Learaí-Gan-Locht

    Socraíonn Learaí go mbeidh sé féin dána ar feadh an lae ach tá sé ag cinneadh air.

  • 7:38AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Dónall Dána agus na hOthair

    Ligeann Dónall air féin go bhfuil sé tinn sa chaoi is nach gcaithfidh sé dul ar scoil ach caitheann sé an lá ansin ag tabhairt aire do Mhamaí agus do Learaí.

  • 7:50AM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 54

    An Ghealach a d'Imigh Amú

    Tá Hal thar a bheith brónach. Nuair a théann sé ag uallfairt leis an ngealach, mar a dhéanann sé gach oíche, bíonn an ghealach imithe.

  • 8:02AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:04AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    Céard atá i Lár an Domhain? Iontais!

    Leanann muintir Tearanódóin lena dturas faoi thalamh. Briseann Don iontas tríliopach Buddy trí thimpiste.

  • 8:16AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 4

    Ceist na Péintéireachta

    Teastaíonn péint chorcra nua ó na healaíontóirí iomráiteacha Peg Casso agus Vincent Van Goo (Cat) don saothar breá atá ar bun acu.

  • 8:29AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 28

    An Chéad Eitilt

    Tá na piscíní chun dul ar eitleán den chéad uair ach tá faitíos ar Mhilseog.

  • 8:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 27

    Daidí i bhFeighil

    Caithfidh daidí aire a thabhairt do na piscíní.

  • 8:40AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 30

    Taisceadán Ama

    Tagann na múinteoirí ar thaisceadán ama agus iarrann siad ar an rang a gcuid smaointe féin a chur leis. Ach níl Wufflebump in ann cuimhneamh ar aon ní le cur ann. An gcabhróidh a chuid cairde leis?

  • 8:47AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 4

    Tom ina mhamaí?

    Tá cara nua ag Tom, uan óg a cheapann gurb é Tom a mamaí.

  • 8:58AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 4

    Máirtín an Míorchat

    Tagann Máirtín an míorchat chuig teach Wissper mar go bhfuil fadhb aige - tá an baile lán le míorchait.

  • 9:06AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 4

    Iódal-ay-hee-hoo!

    Foghlaimíonn muintir Furchester le teachtaireachtaí a sheoladh ag iódaláil.

  • 9:17AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 2, Eipeasóid 3

    Breithlá Bazza

    Ní bhíonn Bazza go deas lena chairde ar a bhreithlá.

  • 9:22AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 4

    Cara Beag Bídeach

    Inseoidh Biel do na hulchabháin óga faoi mheiteamorfóis.

  • 9:33AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 43

    Créatúir Bheaga

    Tagann Nic ar bhóín Dé beag ach tagann Sailí ar sheangán atá níos lú fós.

  • 9:45AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 30

    An Bhanríon

    Cuirtear pionós ar Monty faoi go raibh sé mímhúinte agus féachann sé lena fháil amach an mbíonn daoine ardnósacha dea-bhéasach i gcónaí.

  • 9:52AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    Cóil ag Snorcláil

    Is ag snorcláil a bheidh Cóil inniu in éineacht lena chara Cormac. Taispeánfaidh Cormac dó a mbeidh ag teastáil uathu - masc, snorcal agus culaith fhliuch. Míneoidh Cormac dó le hanálú ceart faoin uisce sula dtéann siad amach sa bhfarraige. Beidh neart le feiceáil aige, portán mór ina measc.

  • 10:05AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 1

    Peataí Beaga ar Maidin

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga, ar peataí iad, an mhaidin.

  • 10:35AM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 17

    Franck Ribéry / Didier Drogba / David Villa / Petr Cech

    Beidh ceathrar sárlaochra peile ar chlár na seachtaine seo: Franck Ribéry, sárchliathánaí, achrannach na Fraince, Didier Drogba sárthosaí láir ón gCósta Eabhair, An Spáinneach David Villa chomh maith leis an gcúl báire is fearr ar domhan Petr Cech.

  • 11:05AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 17, Eipeasóid 36

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 11:35AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 258

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 11:40AM
    Peil na mBan Beo

    Peil na mBan BeoSraith 19, Eipeasóid 20

    Craoladh beo ar Chluichí Ceannais Chraobhchomórtas Pheil na mBan TG4 ar Pháirc an Chrócaigh. Tabharfaidh Áth Cliath aghaidh ar Ghaillimh i gCluiche Ceannais na Sinsear, beidh an Mhí le Tiobraid Árainn sa Chluiche Ceannais Idirmheánach agus Fear Manach a thabharfaidh aghaidh ar an Lú i gCluiche Ceannais na Sóisear TG4. Á chur i láthair ag Gráinne McElwain.

  • 5:50PM
    Underdogs (OS & TS)

    Underdogs (OS & TS)Sraith 8, Eipeasóid 1

    Tá Underdogs, sraith chlúiteach CLG TG4, sa tóir arís ar fhoireann peile nua - grúpa fear a bheidh sách maith le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile gaelaí is fearr sa tír. Beidh foireann bainistíochta nua mór le rá ann i mbliana - is iad sin Mickey Ned O'Sullivan, iar-chaptaen agus iar-bhainisteoir Chiarraí, Valerie Mulcahy Chorcaí, duine de na peileadóirí mná ab fhearr riamh agus Caoimhín Ó Casaide, laoch Ghaoth Dobhair a d'imir le Dún na nGall. Níl ach aon riail amháin ann, is é sin nár imir siad peil Ghaelach ag leibhéal sinsear idirchontae craoibhe riamh.

  • 6:50PM
    Ronnachaí Buí (OS & TS)

    Ronnachaí Buí (OS & TS)

    Gearrscannán le Ciarán Charles Ó Conghaile as an Trá Bháin i gConamara a bhfuil gradam buaite aige. Tá sé ina shamhradh agus caitheann Colm, Maeve agus Peadar an t-am ag rothaíocht suas agus anuas an baile. Bíonn said ar a sáimhín só nó go dtagann grúpa cailíní as Baile Átha Cliath chun na háite le Gaeilge a fhoghlaim. Tá an-aird ag na buachaillí orthu, ach céard faoi Maeve bhocht?

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 258

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 258

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Ollchlár Ros na Rún (OS & TS)

    Ollchlár Ros na Rún (OS & TS)Sraith 24, Eipeasóid 2

    Tugann Gráinne a céad bhlaiseadh de na meáin shóisialta do Mháire. Cuireann sé sin an t-am a chaith sí san India i gcuimhne di chomh maith le fonn a chur uirthi dul ar ais. Tá Caitríona fós le ceangal nár inis Vince an fhírinne di faoi Andy. Tagann Mack ar bhosca amfataimíní sa teach agus ceistíonn sé Dee. An bhfuil cosa Dee nite? Tá Tadhg ag ceapadh anois go mb'fhéidir go raibh Katie ag insint na fírinne.

  • 8:30PM
    Junior Eurovision 2019 (OS & TS)

    Junior Eurovision 2019 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 3

    Táthar fós sa tóir ar amhránaí na hÉireann do Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2019! Rachaidh tuilleadh de na hamhránaithe óga is fearr in Éirinn ar stáitse os comhair na moltóirí - Gráinne Bleasdale, Chris Greene agus aíonna speisialta an chláir anocht, Jedward. Cé a dhéanfaidh an beart agus cé a rachaidh ar aghaidh go dtí an babhta leathcheannais?

  • 9:30PM
    Lorient (OS & TS)

    Lorient (OS & TS)

    Clár ina léirítear na taispeántais is fearr ón bhFéile Idircheilteach i Lorient sa Bhriotáin. Is í Féile Idircheilteach Lorient an fhéile cheilteach is mó ar domhan. Tagann na sluaite as na tíortha ceilteacha le chéile gach mí Lúnasa chun ceiliúradh a dhéanamh ar thraidisiúin cheilteacha a chéile - damhsa, ceol agus filíocht ina measc.

  • 10:30PM
    Geantraí (OS & TS)

    Geantraí (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 16

    Clár ceoil thraidisiúnta. Is i dteach tábhairne Sean Óg i mBéal Átha Seanaidh a bheidh Geantraí na hoíche anocht. I measc aíonna an chláir seo beidh Liz Doherty, Martin McGlinley, Dinny McLoughlin, Tom Byrne and Mick Gallanagh. Á chur i láthair ag Breanndán Ó Beaglaoich.

  • 11:00PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 258

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:05PM
    Arcade Fire: Live At Earls Court

    Arcade Fire: Live At Earls Court

    Seó de chuid Arcade Fire in Earls Court i Londain a taifeadadh in 2014. I measc na n-amhrán a cadhadh bhí No Cars Go, Ready to Start, The Suburbs chomh maith le go leor eile.

  • 1:10AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 258

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.