Sceideal
Sport Schedule
-
GAA Beo
Dé Domhnaigh, 8 Nollaig, 13:30 - BEOCraoladh beo ar Chluiche Ceannais Peile Laighean AIB idir Baile Buadáin Naomh Éanna agus Éire Óg. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.
-
Níos Mó Ná Cluiche - GAA Uladh (OS & TS)
Dé Domhnaigh, 8 Nollaig, 16:30Clár faisnéise a fhiosróidh ról an CLG i gCúige Uladh. Sa chéad chlár léireoidh Jarlath Burns go bhfuil níos mó i gceist leis na cluichí Gaelacha i gCúige Uladh ná spórt. Caithfidh sé súil ar stair CLG ó thuaidh agus mar a d'éirigh leis teacht slán tar éis chríochdheighilt na hÉireann.
-
Cluichí na Bliana
Dé Luain, 9 Nollaig, 20:00Deis eile cluiche Roinn 1 i Sraith Peile Allianz idir Ciarraí agus Áth Cliath a fheiceáil.
-
Cluichí na Bliana
Dé Sathairn, 14 Nollaig, 11:05Deis eile ceann de chluichí móra na bliana a fheiceáil. Bun Abhann Dalla v Naomh Tomás i gCluiche Leathcheannais Sinsear Iomána na gClubanna AIB.
-
Cluiche Ceannais Camógaíochta
Dé Domhnaigh, 15 Nollaig, 15:45Deis eile Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Camógaíochta na hÉireann Liberty Insurance a fheiceáil idir Gaillimh & Cill Chainnigh a imríodh ar Pháirc an Chorcaigh. In 2013 a bhuaigh Gaillimh an chraobh go deireadh agus in 2016 a thug Cill Chainnigh an corn abhaile. Garry Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta.
-
Níos Mó Ná Cluiche - GAA Uladh (OS & TS)
Dé Domhnaigh, 15 Nollaig, 17:15Déanfaidh Jarlath Burns iniúchadh ar scéal na gcluichí Gaelacha in Ulaidh agus ar ról na gcluichí sa phobal. Baineann cluichí an CLG leis na daoine, an áit, an paróiste agus an cúige. Sa chlár deiridh, pléifidh Jarlath an tionchar a bhí ag stair chorrach na dTrioblóidí ar na cluichí Gaelacha in Ulaidh agus ar athbheochan na gcluichí le blianta beaga anuas.
-
Cluichí na Bliana
Dé Luain, 16 Nollaig, 20:00Deis eile ceann de chluichí móra na bliana a fheiceáil. Maigh Eo v Ciarraí i gCluiche Ceannais Roinn 1 sa tSraith Peile Allianz.
-
Rugbaí Beo
Dé hAoine, 20 Nollaig, 21:30An t-aicsean is fearr ón ochtú babhta de shraith PRO14 Guinness. Craoladh iarbheo ar an gcluiche idir Laighin agus Ulaidh ó Staid RDS anocht.
-
Rugbaí Beo
Dé Sathairn, 21 Nollaig, 16:45 - BEOAn t-aicsean is fearr ó bhabhta 8 den Guinness PRO14. Cúige Chonnacht v Cúige Mumhan ón Sportsground a chraolfar beo anocht.
-
Underdogs 2019 (OS & TS)
Dé Sathairn, 21 Nollaig, 19:45Caithfear súil siar sa chlár speisialta seo ar bhuaicphointí na sraithe agus ar mhíreanna nach facthas fós ó chluiche ceannais na sraithe Underdogs in aghaidh pheileadóirí Mhaigh Eo ar Pháirc Mhic Éil i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Ba iad Mickey Ned O'Sullivan, Valerie Mulcahy agus Caoimhín Ó Casaide a bhí i mbun bainistíochta ar na Underdogs i mbliana.
-
Cluiche Ceannais Peile
Dé Domhnaigh, 22 Nollaig, 14:35Deis eile Áth Cliath v Ciarraí i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2019 a fheiceáil. Is é Garry Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta.